Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: alas · alias · allas · allay · almas
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for always »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
always, adv. I gcónaí, i dtólamh, a He is nearly always here, bíonn sé anseo i gcónaí beagnach. I always heard that. . ., chuala mé riamh go ... b F: There is always the workhouse, tá teach na mbocht ansin ar fad, i gcónaí.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Almost always, i gcónaí beagnach.
He is always babbling, bíonn sé ag síormheilt.
They are always laughing, bíonn siad i gcónaí ag gáire.
She always wears black, éadach dubh a bhíos i gcónaí uirthi.
Money is always the first consideration, cúrsaí airgid is tábhachtaí i gcónaí.
He always looks on the dark side of things, bíonn an taobh gruama den scéal i gcónaí aige, bíonn an drochscéal i gcónaí aige.
I shall always be in your debt, beidh mé faoi chomaoin agat go brách.
F: I am always dipping my hand into my pocket, bím i gcónaí ag cur amach airgid.
They had always disagreed, níor réitíodar riamh le chéile.
It is not always the expected that happens, ní mar a síltear a bítear.
F: (=first class) I always travel first, téim i gcónaí sa chéad rang.
Always ready for the fray, ullamh chun troda i gcónaí.
To be always on the go, bheith ag síorghluaiseacht; bheith de shíor sa siúl.
We are going on as always, tá muid ag fadhbáil linn mar a bhí muid riamh.
He’s always hanging around, tá sé ag síománaíocht thart i gcónaí.
He is always hanging on to his mother, tá sé i gcónaí sna sála ag a mháthair.
He is always hard at it, bíonn sé i gcónaí sáite ina chuid oibre.
He is always harking back to that, tá sé i gcónaí ag seinm ar an téad sin.
F: He is always harping on the same string, tá aon phort amháin i gcónaí aige; an seamsán céanna atá i gcónaí aige.
To be always imagining things, bheith i gcónaí ag samhlú rudaí.
He is always laying down the law, ní stadann sé ach ag ceartú agus ag áiteamh, ag leagan amach.
F: To be always in leading-strings, bheith i gcónaí ar teaghrán.
The losers are always in the wrong, an té a bhíonn thíos luitear cos air.
He is always merry and bright, tá sé croíúil aerach i gcónaí.
(Of child) He is always getting into mischief, tá sé i gcónaí ag déanamh anmhailíse de chineál éigin.
To be always on the move, bheith de shíor ag imeacht.
She is always nagging, bíonn sí i gcónaí ag ithe agus ag gearradh.
He is always observant of his duty, tugann sé aire mhaith i gcónaí dá dhualgas.
He is always on to me, tá sé i gcónaí sáite asam.
One cannot always remain silent, ní thig le duine fanacht ina thost i gcónaí.
He always has an excuse pat, bíonn an leithscéal i gcónaí ar bharr a theanga aige.
He always has his hand in his pocket, tá sé ag íoc amach i gcónaí.
The needle always points north, bíonn aghaidh na snáthaide ó thuaidh i gcónaí.
He is always poring over his books, bíonn sé os cionn a chuid leabhar i gcónaí.
She is always on the run, tá sí i gcónaí faoi dheifir, ar saothar.
Always at your service, níl agat ach a iarraidh orm.
F: He is always singing the same song, is é píobaire an aonphoirt é.
F: To be always hanging on to s.o.'s skirts, bheith crochta as eireaball duine.
He is always slaving away, bíonn an tsrathair i gcónaí air.
He always comes up smiling, ní chuirfeadh an saol drochmhisneach air.
He is always spending, tá an lámh ina phóca ar fad aige.
The manager should always be on the spot, ní mór don bhainisteoir a bheith sa láthair i gcónaí.
He always gives one a square deal, tugann sé a cheart don uile dhuine.
He was a terror for always being late, bhí sé riamh tugtha do bheith déanach.
A bad workman always finds fault with his tools, is doiligh a shá de chorrán a fháil do dhrochbhuanaí.
Oil always comes to the top, tagann an ola i gcónaí ar uachtar.
F: He always turns up trumps, bíonn an t-ádh ag rith air i gcónaí.
The weakest always goes to the wall, an té a bhíos thíos buailtear cos air.
That is always the way with him, sin mar a bhí sé riamh.
Why he should always be late, I do not understand, rud nach dtuigim, cad ina thaobh a mbeadh sé déanach i gcónaí.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News