baile1, m. (gs. ~, pl. -lte).1. Home. A bhaile féin a bheith ag duine, to have one’s own home. Sa bhaile, ag ~, at home. Faoi bhaile, at home, around. Gar, deas, do bhaile; de chóir ~, near home; near at hand. Cois ~, near, here at, home. As ~, away from home. I bhfad ó bhaile, far from home; far away. I bhfad ó bhaile uainn an t-olc is an anachain; Dia dár réiteach i bhfad ó bhaile, God keep us from all harm. Chluinfeá míle ó bhaile é, you could hear him a mile away. Amuigh nó i m~, far or near. I m~ nó i gcéin; i m~ nó i dtír, at home or abroad. Níl ~ ná áit aige, he has neither house nor home. Níor tháinig sé chun ~ chugat, duit (a leithéid sin a rá, a dhéanamh), you had no right (to say, do, a thing like that). Dul chun an bhaile, to go home. Tá sé sa bhaile, (of deceased) he is gone to his last abode. Arán, im, baile, home-made bread, butter. S.a. beach 1. bogadh 3. 2. Place, township. ~ fearainn, talún, townland. ~ beag, village. ~ mór, town. Lucht ~ mhóir, townspeople. Saol an bhaile mhóir, town, city, life. ~ tuaithe, country town. ~ aonaigh, margaidh, fair, market, town. ~ cuain, poirt, harbour town, port. ~ dúchais, native place, town(land). An ~ seo againne, our town(land). Duine thar ~ amach, as ~ amach, a stranger to the place. 3. Hist:~ biataigh, public hospitaller’s land; ancient land division equated to 480 Irish acres of arable land. ~ bó, portion of (grass-)land, [’tate’. 4 = bail2.