ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Go to blazes! go teach an diabhail leat!
He is working like blazes, tá sé ag obair mar a bheadh an diabhal ann, ar a bhionda.
F: He is out for blood, tá cuil an diabhail air.
He is a bloody liar, tá sé chomh bréagach leis an diabhal.
I'll be blowed if . . ., go mbeire an diabhal leis mé má . . ., damnú orm má...
Bother the man! chuig an diabhal leis!
It was confoundedly cold, bhí an diabhal air le fuacht.
Here the rabbits are a curse, tá an diabhal ar na coiníní anseo.
That dashed door . . ., an diabhal, an cleabhar, de dhoras sin.
F: He's a demon for work, tá an diabhal air chun oibre.
a.A deuced lot of trouble, trioblóid an diabhail.
Devil take it! go dtuga an diabhal leis é!
Go to the devil! téirigh in ainm an diabhail!
The devil's in it! tá lámh ag an diabhal ann!
F: What the devil are you doing? cad é an diabhal atá ar bun agat?
To work like the devil, oibriú in ainm an diabhail.
There will be the devil to pay, beidh an diabhal is a mháthair le díol.
(Of a task, etc.) It's the devil, tá an donas air, is é an diabhal é.
He's the devil, tá an diabhal air!
He is full of devilment, tá an diabhal ina bholg.
F: To wish s.o. farther, duine a chur in ainm an diabhail.
I'll see him damned first, b'fhearr liom ag an diabhal é.
F: To jump out of the frying-pan into the fire, dul ó theach an diabhail go teach an deamhain.
Ill-gotten gains seldom prosper, an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail imíonn sé ar a bholg.
F: Here's a rum go, a pretty go! nach diabhalta an scéal é seo! tá an diabhal ar fad ar an scéal seo.
Hang the expense! bíodh an diabhal ag an gcostas!
The weather has played old Harry with his health, rinne an aimsir an diabhal ar a shláinte.
P: My hat! diabhal an féidir!
To raise hell, raic an diabhail a tharraingt.
He worked like hell, d'oibrigh sé mar bheadh an diabhal ann.
Go to Jericho! go scioba an diabhal thú!
Well, I'm jiggered! diabhal an féidir!
You're joking, diabhal an féidir!
F: He ran like anything, like blazes, like the (very) devil, like mad, rith sé in ainm an diabhail, le luas lasrach.
You don't mean it! ag magadh atá tú! diabhal an féidir!
He has nine lives, ní mharódh an diabhal é.
P: Strike me pink! diabhal an féidir!
She is possessed by the devil, tá an diabhal inti.
The powers of darkness, cumhachta an diabhail.
F: I'll see him damned first, an diabhal má ligim do.
P: Like sin, mar a bheadh an diabhal ann (inti, etc.).
F: I will see him somewhere first! ba thúisce liom ag an diabhal é.
He swears like a trooper, bíonn sé ag mallachtú ar nós an diabhail.
He's a terrible talker, tá an diabhal air chun cainte.
Unearthly din, gleo m an diabhail.
Unholy muddle, achrann an diabhail.
Well I never! diabhal an féidir! thar a bhfaca tú riamh!
To hell with him! go mbeire an diabhal leis é!
I can't find the wretched key, ní féidir liom an diabhal d'eochair a fháil.