blow1, s.1Séideán m, siorradh m. To go for a blow, dul amach faoin aer. 2Séideog f. He had a blow at the whistle, sheinn sé tamall ar an bhfeadóg. 3=FLY-BLOW.
blow2 .Iv.i.1(Of wind) Séideann. It is blowing, tá gaoth ann. It is blowing hard, tá géarbhach crua gaoithe ann. It is blowing a gale, tá sé ina ghála. It was blowing great guns, bhí sé ina stoirm thintí, bhí roisteacha gaoithe móire ann. It is blowing up for rain, tá géarbhach báistí ann. S.a. WIND1 1 F: Blow high, blow low . . ., dá dtiteadh an spéir; is cuma cad é a thiocfas. S.a. FRESH I 5, HOT 1 b The door blew open, chuir an ghaoth an doras isteach. 2a (Of pers.) He blew at his fingers, chuir sé séideog ar a mhéara. bTo let the horses blow, ligean do na capaill a n-anáil a tharraingt. c(Of whale) Séideann, tonnann. F: (Of pers.) He was blowing like a grampus, bhí gach aon tséideog aige mar a bheadh ag tarbh. 3To blow upon s.o.'s reputation, smál a chur ar chlú duine. 4(Of electric lamp, fuse) Dónn. II►blow, v.tr.1Síobann, séideann. The wind blew the rain against the window, bhí an ghaoth ag síobadh na báistí in éadan na fuinneoige. To blow a ship ashore, soitheach a shíobadh chun an chladaigh. 2aTo blow the dust off a book, an deannach a shéideadh de leabhar. To blow s.o. a kiss, póg a chur chuig duine. bTo blow (up) the fire, an tine a shéideadh. cSéidim (mo shrón, buabhall). He can blow his own trumpet, buaileam sciath atá ann. dTo blow air into sth., aer a shéideadh isteach i rud. To blow glass, gloine a shéideadh. 3Bainim an anáil de (chapall, etc.). 4El: To blow a fuse, fiús m a dhó. 5(Of fly) Déanann fíniú (ar fheoil). (Cf. FLY-BLOWN). 6Blow the expense! Expense be blowed! is cuma sa diabhal faoin gcostas. You be blowed! scread mhaidine ortsa. I'll be blowed if . . ., go mbeire an diabhal leis mé má . . ., damnú orm má...
blow3, s.In full blow, faoi racht seoil, faoi bhláth.
blow4, v.i. (Of flower) Spréann, osclaíonn.
blow5, s.1Buille m; (with the fist) dorn m; (with the open hand) leadóg f; (with knuckles) cniogaide m. At a (single) blow, d'aon bhuille, d'aon iarraidh amháin. At the first blow, leis, ar, an gcéad bhuille. To strike a blow, buille a bhualadh. To deal s.o. a blow, buille a thabhairt, dorn a tharraingt ar dhuine. S.a. FETCH3 5 They came to blows, chuaigh siad sna lámha le chéile. Blows fell thick and fast, bhí na buillí dá mbualadh go tiubh téirimeach. Knock-out blow, dúbhuille. The first blow is half the battle, dhá thrian cuidithe tosú. It was a great blow to his credit, ba mhór an bhéim síos air é. To aim a blow at s.o.'s authority, féachaint le baint de cheannas duine. 2Buille m, bris f. It came as a crushing blow to us, ba mhillteanach an tubaiste, an babhta, orainn é.