Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: befall · ball · bealú · bell · breall
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
What is it all about? cad is bun, cúis, leis?
To be above (all) suspicion, bheith os cionn amhrais.
He is all abroad, tá dul amú mór air; tá seachrán trom air.
I am all abroad, níl bun ná barr le fáil agam air.
F: I am all aches and pains, níl aon bhall i mo chorp nach bhfuil pian ann.
F: You are all adrift, tá tú glan ar seachrán.
To be (all) afire with desire to..., bheith ar lasadh le fonn chun...
After all (is said and done), tar éis an tsaoil; i ndiaidh gach ní.
He was all aglow after the race, bhí sé trí lasadh tar éis an rása.
To be (all) agog (with excitement), bheith an-tógtha.
He is (all) agog to go, tá sé ar bior ag iarraidh imeacht, tá sé á bheophianadh go n-imeoidh sé.
It is all in the air as yet, níl ann ach caint go fóill.
You are all alike, tá sibh uile cosúil le chéile; mar a chéile ar fad sibh.
You are not as ill as all that, níl tú chomh tinn sin amach.
(With antecedent) Is that all the money you have? an é sin a bhfuil d'airgead agat?
(With antecedent) I spoke to all the people who were there, labhair mé lena raibh (de dhaoine) ann.
Games: We are five all, táimid a cúig araon; a cúig ar gach taobh.
neut.All is lost, tá deireadh caillte.
Is that all? (i) an é sin uile é? sin a bhfuil?; (ii) Iron: níor dhada beagán.
If that is all (the difficulty), mura bhfuil ann ach sin.
When all is said and done, tar éis an tsaoil.
(The) best of all would be to . . ., ba é an rud ab fhearr. . .
Are you ill? Not at all! an bhfuil tú breoite? nílim ná breoite.
If you are at all anxious, má tá (bhíonn) imní dá laghad ort.
If there is any wind at all, má tá (bhíonn) smid ar bith gaoithe ann.
It is all but impossible, ar éigean is féidir é.
It is all but finished, tá sé ionann is críochnaithe.
They were all in all to each other, ní raibh ann ach iad.
He imagines that he is all and all to the business, sileann sé gurb é féin bun agus barr an ghnó.
He is all alone, níl baistíoch aige ach é féin.
She was (dressed) all in black, bhí éadach dubh ó bhonn go baithis uirthi.
His hands were all mud, bhí a lámha faoi lathacha uile.
She is all impatience, tá sí lán le mífhoighne.
He is not all bad, ní drochdhuine ar fad é.
You are all the better for it, is fearrde thú é.
He was all alone, bhí sé ina chadhan aonraic.
Your work is all right, leave it alone, tá do chuid oibre mar is ceart, fág é mar atá sé.
Things are (going) all anyhow, tá an uile rud bun os cionn.
They were all gone, bhí siad uile imithe.
What is behind all this? céard atá ar a chúl seo? céard is bunúdar leis seo?
With all my being, le mo chroí go hiomlán.
You'll be (all) the better for that, is fearrde thú sin.
You may talk till you are blue in the face, till all's blue, bheifeá ag caint go dtitfeadh an t-anam asat.
F: We are all in the same boat, is ionann cás don iomlán againn, is é an dála céanna againn ar fad é.
This was a bomb-shell to us all, chuir an scéala seo uafás orainn.
That is all he cares about, sin é a bhfuil ar a aird; sin a bhfuil ag déanamh tinnis dó.
He had a consciousness that all is not well, bhraith sé ann féin go raibh rud éigin contráilte.
He has been on the cross all his life, is ar chaimiléireacht, ar chneamhaireacht, a mhair sé riamh.
v.tr.All these people will have to be dined, caithfear dinnéar a thabhairt do na daoine seo go léir.
He is disliked by all, tá míghnaoi ag gach aon duine air.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht