Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bull · cull · dull · fall · fell
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh full »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
full. I a. 1 Lán, líonta. Full to overflowing, lán go béal, go bruach. Full day, lá trom, lá mór cúraim. His hands are full, tá a bhonn is a chíoradh air. His heart was full, bhí tocht ar a chroí. Full of holes, lán de phoill; ina chriathar poll. Look full of gratitude, súile lán buíochais. To be full of hope, bheith lán de dhóchas, bheith ag borradh le dóchas. 2 (Of bus, etc.) Lán; (of purse, etc.) teann. Full up! lán! lán go doras! Full house, teach m lán; líon m lán (tí). Full to brim, lomlán, lán go béal. Full session (of a committee, etc.), lánchruinniú. The town is full of people, tá an baile dubh le daoine. 3 He is full of his own importance, tá sé lán de féin, lán de lán. He is full of the story, níl de chaint aige ach an scéal. 4 (Of facts, etc.) Iomlán, flúirseach, fairsing, líonmhar. Full particulars, gach (mion-)eolas. Until fuller information is available . . ., go dtí go mbeidh breis eolais le fáil . . . 5 Iomlán, slán. a Full meal, béile m maith, f fir de bhéile. Full pay, lánphá f. Th: To pay full price, Rail: to pay full fare, an táille san iomlán a íoc. Full weight, fall measure, meáchan slán; tomhas ceart. Full text, an téacs sa tslánchruinne. Battalion at full strength, cathlán líon a shlua. b In full flower, faoi bharr blátha. Roses in full bloom, rósanna i mbarr a mblátha. In full uniform, faoi lánéide. At full speed, ar lánluas. c I waited two full hours for you, d'fhanas dhá uair druidte leat. It was full summer, lár an tsamhraidh a bhí ann. It is a full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo. d Full sister, lándeirfiúr f -féar. 6 a (Of figure) Téagrach, beathaithe; (of chin) leathan; (of lips) bruasach, plobartha. A full eye, súil ramhar, b (Of sleeve, etc.) Fairsing, leathan. c Full voice, glór scolard. d Full face, (i) aghaidh ramhar; (ii) (of portrait, etc.) aghaidh lán. 7 Nau: (Of sail) Rite, lán. Keep her full, coinnigh na seolta líonta. Full and by, ag seoladh lom lán. F: Taking it full and by..., le gach rud a chur san áireamh ..., tríd agus tríd...   fully, adv. 1 a Go hiomlán, go lán-; ar fad ar fad; amach agus amach. Fully armed, lánarmtha, faoi iomlán airm. Fully paid, íoctha sa phingin dheireanach. b To treat a subject fully, ábhar a shaothrú go grinneall. 2 It takes fully two hours, ní mór an dá uair a chloig slán chuige. It is fully time to go, tá sé thar am imeacht. II   full, s. Lán m. 1 The moon is at the full, tá an ghealach, an ré, lán. 2 adv.phr. a In full, go hiomlán, in(a) iomláine, ar fad. To publish a letter in full, litir a fhoilsiú san iomlán. The account was given in full in the paper, tugadh an cuntas ar a fhad agus ar a leithead sa pháipéar. Fin: Capital paid in full, caipiteal láníoctha. Name in full, (i) ainmneacha mpl agus sloinneadh m; (ii) an t-ainm scríofa ar a fhad. b To the full, go grinneall, go feirc, amach is amach. III   full, adv. 1 A. & Lit: Full many a time, go mion minic. I know it full well, is maith is eol dom é. It is full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo. 2 Go baileach, go díreach, go cruinn. Full in the middle, cruinn díreach sa lár. He hit him full in the face, bhuail sé lom lán idir an dá shúil é.
full2, v.tr. Ramhraím, úcaim (éadach).
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To make full admissions of guilt, an choir a admháil go hiomlán.
To be of (full) age, bheith in aois fir (mná).
In full armour, in arm is in éide.
Women in full array, mná ina gcóiriú.
Land full of historic associations, dúiche lán de chuimhní na staire.
Full speed astern, chun deiridh faoi iomlán siúil.
F: He is full of beans, (i) tá sé go beo friochanta, tá sé chomh héasca le gealbhan; (ii) tá sé lán de chroí agus d'aigne.
(Of tree, etc.) The tree is in full bearing, tá an crann i mbláth a thoraidh.
Full-bound in leather, faoi lánchumhdach leathair.
In full blast, faoi racht seoil, faoi lán seoil. S.a. SAND-BLAST1 .
In full bloom, faoi bhláth.
In full blow, faoi racht seoil, faoi bhláth.
Full-bodied wine, fíon tathagach.
To be off in full career, imeacht i mbarr na bhfáscaí.
Th: The house was chock-full, bhí an teach druidte le daoine.
To come full circle, an cúrsa ar fad a thabhairt.
At full cock, ar tinneall.
Full complement, foireann f iomlán (báid, etc.).
He comprehended the full meaning, chuaigh an bhrí iomlán ina luí air.
The pack is in full cry, tá an chonairt ag tafann i muinín a gcroí.
F: The thief fled with the street in full cry after him, thug an gadaí do na boinn é agus míle murdair ag lucht na sráide ina dhiaidh.
He is full of devilment, tá an diabhal ina bholg.
In full dress, gafa, gléasta (go foirmiúil).
Full-eared, ramhardhiasach, gránmhar.
It taxed him to the full extent of his power, chuir sé go dtí a dhícheall é.
The rain was beating full in our faces, bhí an bháisteach á séideadh cruinn díreach isteach san aghaidh orainn.
He fell full length, síneadh ó sháil go rinn é.
To be in full feather, (i) an chluimhreach a bheith curtha ag (éan); (ii) (of pers.) bheith gléasta gan cháim.
In full fig, gléasta ó bhaithis go bonn, go pioctha péacach.
In full flight, ar maidhm teite.
He is in the full flush of health, tá sé i mbláth na sláinte.
In (full) force, líon a slua, faoi lán nirt.
F: He is a full-blown doctor, tá sé ina dhochtúir déanta.
Full-dress, clothes, gléasadh m foirmiúil.
Full-dress rehearsal, réamhléiriú m lánfheistithe.
Fuller's earth, cré f úcaire, boirrchré f.
Bot: Fuller's teasel, cnádán m úcaire.
F: He came to a full-stop, stad sé ina phleist; rinne sé staic.
He is great fun, full of fun, is mór an fear grinn, suilt, é; tá an-ghreann ann.
(At) full gallop (of horse), ar cosa in airde; (of rider) agus srianta scaoilte.
In the full glare of the sun, faoi spalpadh, stealladh, na gréine.
In the full glare of publicity, os comhair cnámh súl an phobail.
He is full of go, he has plenty of go, tá sé lán de cheol, d'fhuinneamh.
(Full-) grown, fásta, déanta, in inmhe.
To attain full growth, teacht i méadaíocht, i mbun fáis.
He has his hands full, tá a bhonn agus a chíoradh air; tá a shá ar a chúram.
His heart was full, heavy, bhí croí brúite aige.
Full height, airde rite.
To receive s.o. with full honours, fáilte onórach a chur roimh dhuine.
To be full of hope, bheith lán de dhóchas.
Creidim ionat
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht