Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: coy · cr- · crá · cré · crí
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh cry »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
cry1, s. 1 Glao f, scairt f. Within a cry, i bhfoisceacht béice; faoi fhad scairte. It is a far cry from here to..., is fada an t-achar as seo go . . . War-cry, liú m catha, gáir chatha. The pack is in full cry, tá an chonairt ag tafann i muinín a gcroí. F: The thief fled with the street in full cry after him, thug an gadaí do na boinn é agus míle murdair ag lucht na sráide ina dhiaidh. Much cry and little wool, géim bó seisce. 2 Scread f, béic f, scréach f (péine, etc.). 3 Taom m goil, racht m goil. She had a good cry, chuir sí taom maith goil di. She had her cry out, chaoin sí uisce a cinn.
cry2, v.tr. & i. 1 a Glaoim, screadaim, scairtim, béicim; ligim glao, scread, scairt, béic. He cried aloud, ghlaoigh sé in ard a chinn. To cry for help, glaoch ar chabhair. Evil that cries for a remedy, olc a theastódh a leigheas go géar. b To cry fish (for sale), iasc a fhógairt (le díol). F: To cry stinking fish, do chuid earraí féin a chuileáil. c Ven: (Of hounds) Déanann tafann. 2 Deirim de ghlao. 'That is false' he cried, 'deargéitheach!' ar seisean de bhéic. 3 Goilim, caoinim; silim deora. The child was crying for the toy, bhí an leanbh ag gol ag iarraidh an bhréagáin. He cried his eyes out, chaoin sé uisce a chinn.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Agonized cry, scread léanmhar.
Agonizing cry, scread chráite.
We heard his answering cry, chualamar é ag glaoch ár bhfreagairt.
She's at it again (i.e., crying, etc.), tá sí ar obair arís.
She began to cry, thosaigh sí ag caoineadh; dhírigh sí, chrom sí, ar chaoineadh.
A cry broke from his lips, d'imigh scread air.
A cry burst from his lips, baineadh béic as.
To cry out a name, ainm a ghlaoch, a scairteadh.
Crying injustice, éagóir scannalach.
Crying shame, náire shaolta.
Fit of crying, racht m goil, taom m goil.
She did nothing but cry, níor stop sí ach ag gol.
Have done (with) crying! stad den ghol!
I felt like crying, tháinig fonn goil orm.
I found myself crying, bhris an gol orm gan fhios dom féin.
Fit of crying, racht, tocht, goil.
A cry went up from the crowd, chuir an slua béic astu.
She had a good cry, chaoin sí a sá.
Half laughing, half crying, idir bheith ag gáire agus ag gol.
Heart-piercing cry, scread a scrúdfadh do chroí.
To cry for help, glaoch ar chabhair.
To raise a hue and cry against s.o., an tóir a chur i ndiaidh duine.
He made us cry with laughter, thug sé na deora linn le neart, le teann, gáire.
Least of all would I cry, ní chaoinfinn, cibé ar bith eile.
Leave off crying, stad den ghol; cuir uait an gol; lig de do ghol
Loud cry, seanbhéic f.
It is no use crying over spilt milk, níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta.
I came near to crying, bhí mé i riocht caointe.
There is nothing to cry about, níl ábhar caointe ar bith ann.
I noticed that she had been crying, d'aithníos uirthi go raibh sí tar éis a bheith ag gol.
To cry poverty, an béal bocht a dhéanamh.
We'll cry quits! now we're quits! táimid cúiteach anois!
To raise a cry, béic a ligean.
A cry rent the air, réab scread an t-aer.
Why do you cry so? cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh mar sin?
To start crying, cromadh ar chaoineadh.
I could have sworn I heard a cry, thabharfainn an leabhar gur chuala mé glao.
Tell me what are you crying for? inis dom cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh?
F: To cry wolf, scéal chailleach an uafáis a bheith agat.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht