time1, s.1Am m; aimsir f. The ravages of time, lorg na haimsire. It will be a work of time, obair í a gcaithfear seal fada léi. Father Time, an t-am; an aimsir. Time will tell, is maith an scéalaí an aimsir. In the course of time, leis an aimsir. From time immemorial, leis na cianta cairbreacha. It was a race against time, níor thráth moille é. 2Tamall m, achar m. In a short time, i gceann tamaill bhig, scaithimh. In three week's time, faoi cheann, i gceann, trí seachtainí. He did it in no time, bhí sé déanta aige i bhfaiteadh na súl. Within the required time, sa tréimhse, san aga, atá dlite dó. He took a long time over it, chaith sé seal fada leis. For a long time to come, go ceann i bhfad eile. We haven't seen him for a long time past, is fada anois ó chonaiceamar, nach bhfacamar, é. For some time past, le tamall anuas. For some time to come, go ceann tamaill eile. To stay in Dublin for a time, fanacht tamall i mBaile Átha Cliath. A short time after, tamall gearr ina dhiaidh sin. After a short time, (i) faoi cheann tamaill bhig; (ii) go gearr ina dhiaidh sin. After a long time, (i) i gceann tamaill fhada ina dhiaidh sin; (ii) i bhfad ina dhiaidh sin. It will take some time for me to do it, bainfidh sé tamall asam a dhéanamh. Give me time to pay it, tabhair cairde dhom lena íoc. All the time, i rith an ama, ar feadh na faide. 3aMy time is my own, tá cead luí agus éirí agam; níl téarma ar bith orm. To have time on one's hands, am a bheith le spáráil agat; bheith díomhaoin. I have no time to do it, níl an t-am agam lena dhéanamh. When I have time, nuair a bheidh faill, aga, agam. I've no time for him, beannaím uaim é; níl goile agam dó. F: You have heaps of time, tá greadadh, fuílleach, ama agat. To lose time, am a chailleadh, a chur amú, a mheilt. To make up for lost time, an t-am a cailleadh a thabhairt isteach. He lost no time in doing it, níor lig sé aon nóiméad amú á dhéanamh; ní raibh sé i bhfad salach leis. Playing for time, ag feitheamh na faille; ag cur an ama i bhfad. This work takes time, obair fhadálach í seo. To take one's time over sth., rud a dhéanamh ar do chaothúlacht, ar do bhogstróc. Take your time, glac go réidh; tóg bog é. Take your time with it, buail leithead den aimsir air. It will take you all your time, tabharfaidh sé do shá duit a dhéanamh; beidh air agat a dhéanamh. Time's up!tá an t-am caite, istigh!Box: Time!seo chuige!Sp: Full time, lántréimhse f. (In public house) Time, gentlemen, please!caithigí siar iad!bP: To do time, tamall a chaitheamh i bpríosún. To serve one's time (of apprenticeship), do théarma a chur isteach (mar phrintíseach). The house will last our time, tabharfaidh an teach ár sealna. This hat has served its time, tá a sheal tugtha ag an hata seo. A woman who is near her time, bean atá gar dá haimsir, dá hionú. 4Usu.pl.Ré m, linn f. aThe folly of the times, baois na huaire, na linne (seo). In olden times, fad ó shin, san am fadó. The good old times, an seansaol breá. Those were happy times, b'aoibhinn a bheith beo an t-am sin; ba sona an saol é an uair sin. In times to come, san am atá le teacht. In my time it was different, nuair a bhí mise i mo lá ní hamhlaidh a bhíodh. In our time, lenár linn-ne. The times we live in, an saol atá anois ann, na saolta seo. bTo be behind the times, bheith ar gcúl, seanaimseartha. As times go, ar na saolta seo; faoi mar tá an saol anois ann. 5Uair f, uain f. aAt the time of delivery, ar uair a sheachadta. I was absent at the time, bhí mé as láthair san am. At that time, an tráth sin; ag an, san, am sin. At the present time, faoi láthair, san am i láthair. At a given time, ag uair áirithe. At the time fixed, ag an spriocuair; ar an uair atá socair. At the time of his marriage, le linn a phósta. At one time hot, at another time cold, lá, seal, fuar agus lá, seal, te. At one time he used not come, bhí an t-am ann nach dtagadh sé. At one time he used to be respected, bhí lá agus bhí meas air; bhí meas air tráth. At one time priest of this parish, sagart an pharóiste seo tráth. Time was when . . ., bhí lá agus . . . At no time, riamh uile; riamh ná choíche. At times, uaireanta, amanta, ar uaire. At various times, ó am go chéile. At all times, (i) (riamh agus) i gcónaí; (ii) is cuma cá huair é. Between times, idir uaire, idir dhá linn. (At) any time (you like), am ar bith (is mian leat). He may turn up at any time, thiocfadh dó teacht am ar bith. Some time or other, lá éigin. This time next year, faoin am seo, um an dtaca seo, an bhliain seo chugainn. By the time (that) I got to Derry, (i) faoin am ar shroich mé Doire; (ii) faoin am a mbeinn i nDoire. From time to time, ó am go ham; ó am go chéile. From that time, ón am, lá, sin amach. To do sth. when the time comes, rud a dhéanamh in am trátha, ar an uain, nuair is mithid sin. At the proper time and place, in am agus in ionad. Now is the time, anois an t-am. To choose one's time, an fhaill a fhaireadh; fanacht le cóir. This is no time for delay, ní tráth moille é. bIn due time and place, in am agus i dtráth san ionad ceart. You will hear from me in good time, gheobhaidh tú scéala in am trátha uaim. In his own good time, mar a oirfidh dá mhithidí féin. 6Am m (an chloig). aStandard time, am dleathach. Summer time, am samhraidh, nua. bWhat is the time?cad a chlog é? cé, cad é, an t-am é?What time do you make it?cad a chlog agatsa é?To look at the time, amharc ar an gclog. Watch that keeps good time, uaireadóir a mbíonn an t-am ceart aige. At any time of the day or night, am ar bith sa lá nó san oíche. F: To pass the time of day with s.o., beannú do dhuine; forrán cainte a chur ar dhuine. At this time of day, ag an am seo de lá. cDinner time, am dinnéir. To be before one's time, bheith roimh am. You are behind your time, tá tú mall, tar éis ama. He arrived here on time, bhí sé anseo ar an sprioc. It is time for you to go, tá sé in am agat imeacht. In time for dinner, in am chuig an dinnéar. I was just in time, bhí mé go díreach in am. To start in time, tosú in am. F: And about time too!agus is mithid!dTime of the year, tráth den bhliain. At my time of life, san aois a bhfuil mise ann. Sowing-time, aimsir na curadóireachta. In the day-time, sa lá, de lá. In the night-time, san oíche, istoíche. eHe died before his time, cailleadh roimh aois é. My time is come, tháinig mo ré. 7He is paid by time, de réir an ama a íoctar é. 8F: He has a good time (of it), tá an saol ar a thoil aige. We had a good time, bhí an-saol againn. He had a bad time of it, shaothraigh sé an saol go maith; bhí saol crua aige. 9Uair f, turas m, babhta m. Five times, cúig huaire. Next time, an chéad uair eile. The first time I saw him, an chéad uair dá bhfacas, a chonaiceas, é. This time, an dul seo, an babhta seo. I read it several times over, léigh mé arís agus arís eile é. Time and time again, time after time, arís agus arís eile; go mion agus go minic. To do two things at the same time, dhá rud a dhéanamh in éineacht. Four at a time, ceithre cinn in éineacht. For weeks at a time, ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile. One thing at a time, rud amháin san iarraidh, sa turas. Four times two is eight, a dó faoi a ceathair sin a hocht. Three times as big as . . ., trí huaire chomh mór le ... Yours is three times as big as it, tá a thrí oiread i do cheannsa. 10adv.phr.aAt the same time, San am céanna. Prov: You cannot be in two places at the same time, ní féidir an dá thrá a fhreastal. bAt the same time you ought to write to him, mar sin féin, más ea féin, ba chóir duit scríobh chuige. 11aMus: Am m. Common time, am m coitianta. To beat time, an t-am a bhualadh. bIn strict time, de réir ama. To keep time, an buille a choimeád. He is out of time with the rest, níl sé ar chomhbhuille leis an gcuid eile. I.C.E: The ignition is out of time, tá an adhaint as compás. cMus: To quicken the time, géarú ar an mbuille, ar an luas. Gym: To march in quick time, máirseáil ar mearchéim.
time2, v.tr.1aSocraím, ceapaim, am (ruda). His arrival was timed for eleven, bhí sé in áirithe teacht ar a haon déag. bTomhaisim, aimsím, tapaím, an uain do (ghníomh). To time a blow, buille a thomhas. Well-timed remark, abairt thráthúil. Well-timed stroke, buille in uain, i dtráth, buille ionúil. cRialaím (clog). dI.C.E: Comhrialaím (an adhaint). 2Tomhaisim fad (imeachta, etc.). 3Sp: Áirím am (rása, reathaí, etc.).