ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It must be admitted that . . ., caithfear a admháil go . . .
As it is we must. . ., mar atá an scéal caithfimid. . .
Both of these stories must be told, caithfear an dá scéal seo a insint.
It must be said to his credit that..., caithfear a rá ar a thaobh go . . .
What can't be cured must be endured, beart gan leigheas, foighne is fearr air.
Your ears must have burned, must have been tingling, ní foláir nó bhí tochas sa chluais chlé agat.
We must be going, tá sé in am bóthair.
Something must be the matter, caithfidh sé go bhfuil rud éigin contráilte.
It must never be mentioned again, ná tráchtar choíche arís air.
We must be thankful for small mercies, is buí le bocht an beagán.
You must be ready at four o'clock, caithfidh tú, ní mór duit, ní foláir duit, bheith ullamh ar a ceathair a chlog.
He is failing, I must say, tá sé ag meath, ó chaithfeas mé a rá.
There's a knock, it must be the doctor, tá bualadh ag an doras, is é is dóiche gurb é an dochtúir é.
The matter was urgent, he must arrive in time, b'éigean dó bheith in am, ó ba í uair na práinne í.
As we were starting what must he do but cut his finger, nuair a bhíomar ag imeacht céard deir tú leis a ghearr a mhéar! céard a dhéanfadh sé ach a mhéar a ghearradh!
There is no train, so we must needs walk, níl traein ar bith le fáil, mar sin de, níl leigheas air ach é a shiúl.
The orders must be obeyed, caithfear na horduithe a chur i gcrích.
This must be done at any price, caithfear seo a dhéanamh pé súisín a íocfas é.
Regard must be had, paid, to . . ., caithfear cuimhneamh go . . .; ní foláir ceann a thógáil de ...
It must be seen to, caithfear breathnú ina dhiaidh.
The dye must be allowed to sink in, caithfear ligean don dath dul domhain ann; caithfidh sé an dath a shú.
F: I must be toddling, caithfidh mé bheith ag greadadh liom.
F: Now I must be trotting, caithfidh mé a bheith ag baint as anois.
The child must be a great trouble to you, caithfidh sé go gcuireann an páiste go leor as duit.
His every whim must be complied with, níl aon teidhe dá mbuaileann é nach gcaitear géilleadh dó.