ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The Great Barrier Reef, An Líonán Mór.
Astr: The Great Bear, An Béar Mór.
The (great) bulk of mankind, an mhórchuid den chine daonna.
The (great) cats, cait éigiallda (an fhásaigh).
The creature of some great man, sclábhaí m ag duine mór éigin.
The matter demands great care, ní mór a bheith an-aireach sa chás.
F: To do great execution among the partridges, eirleach m a dhéanamh ar phatraiscí.
He is a great exponent of the game, eiseamláir f imreora é.
The great majority, the greater part, an tromchuid f, an tromlach m, bunús m.
The Great War, an Cogadh Mór.
The great men (of the age), fir mhóra (le rá) (na linne).
The Great Father, an tOllathair.
Alexander the Great, Alasdar Mór.
The great thing is that he is already here, is mór is fiú é bheith anseo cheana féin.
The great thing is to have the work finished in time, is é rud is tábhachtaí ná a chéile an obair a bheith críochnaithe in am.
F: To join the great majority, dul ar shlua na marbh.
The great mass of the people, formhór mór na ndaoine.
The Great, Grand, Mogul, An tArd-Mhogal.
The greater number, an mhórchuid, an tromlach m.
The greater number said they would go, dúirt an mhórchuid go rachaidís.
The greater part of the people, mórchuid f, formhór m, na ndaoine.
It was in (a) great part due to the weather, an aimsir ba mhó ba chúis leis.
The great powers, na náisiúin mhóra; na mórchumhachta.
To rank s.o. among the great writers, duine a áireamh ar na scríbhneoirí móra.
He used to tell the story, with great relish, bhaineadh sé an-sásamh as an scéal a insint.
The manuscript ran to a great length, bhí fad mór sa lámhscríbhinn.
The Great Seal, An Séala Mór.
To set s.o. among the great writers, duine a áireamh ar na scríbhneoirí móra.
The chimney is smoking a great deal, tá an simléar ag plúchadh deataigh.
To be in (great, the) straits, bheith i gcruachás, san fhaopach, in arán crua.
The night was a great success, d'éirigh thar cionn leis an oíche.
They expect great things of the new treatment, tá súil acu le héachtaí ón leigheas nua.
The child must be a great trouble to you, caithfidh sé go gcuireann an páiste go leor as duit.
The Great Wall of China, Mór-Mhúr na Síne.