TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
plan 1 , s . 1 a Plean m (tí) . To draw a plan , plean a leagan amach, a dhéanamh . b Mth : Arch : Surv : Plean m . 2 Beart m , scéim f , plean . To draw up a plan , scéim, plean, a leagan amach . To change one's plans , teacht ar athchomhairle . According to plan , de réir mar a bhí leagtha amach . F : The best plan would be to . . ., ba é ab fhearr a dhéanamh . . .
plan 2 , v .tr . 1 Tarraingím, leagaim amach, plean (ruda) ; pleanálaim . 2 Beartaím, leagaim amach (turas) ; cuirim (comhcheilg) ina suí ; pleanálaim .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Adhesion to a plan , aontú m le plean .
F : A plan is afoot , tá plean ar bun .
He has an alternative plan , tá a athrach, a mhalairt, sin de phlean aige .
His plan did not answer , níor éirigh lena phlean .
The plan appeals to me , taitníonn an plean sin liom .
I'm planning on the assumption that . . ., tá mé ag pleanáil ar an mbun go ...
It would not be a bad thing, a bad plan to ..., níor mhiste ...
To bring a plan into being , scéim a chur i gcrích .
The best plan would be to ask him , séard ab fhearr a dhéanamh ceist a chur air .
The plan broke down , theip ar an bplean .
To chalk out a plan , plean a leagan amach .
This plan came to be realized , cuireadh an scéim seo i gcrích .
To fix (up) on a certain plan , beartú ar sheift áirithe .
To flirt with a plan , bheith ag manaois le seift .
The best plan will be for you to go away for a time , ní fearr rud a dhéanfá ná an áit a fhágáil go ceann tamaill .
Plan foredoomed to failure , plean a mbeadh sé i ndán ó thús dó go dteipfeadh air .
He brought the plan to grief , chuir sé an scéim ó chrích ; mhill sé faoin scéim .
The plan came to grief , theip ar an bplean .
To hang up a plan , plean a choinneáil ar gcúl .
F : The idiocy of this plan , leibideacht f , díth céille, na scéime seo .
The plan is liable to modifications , is féidir go ndéanfar athruithe ar an bplean .
This plan is most likely to succeed , is ar an scéim seo is dóichí rath a theacht .
A mad hope, plan , dóchas m buile , seift bhuile .
To map out a plan , scéim a leagan amach .
The plan pleases me , taitníonn an plean liom .
The plan has possibilities , tá seans ag an bplean ; tá gealladh éigin faoin bplean .
Following no preconcerted plan , gan leanúint d'aon socrú roimh ré .
To present a plan to a meeting , plean a chur os comhair cruinnithe .
Plan ripe for execution , scéim atá réidh lena cur i bhfeidhm .
To set a plan before s.o ., plean a chur faoi bhráid duine .
F : To sit down hard on a plan , scéim a bhrú faoi chois .
Sketch of a plan to be adopted , creatlach m , éirim f , scéime .
He has a plan up his sleeve , tá cárta cúil fós aige, tá cleas folaigh éigin aige .
The plan is subject to modification , féadtar athruithe a chur ar an bplean .
Some such plan , plean éigin dá shórt .
To think out a plan , plean a bheartú, a cheapadh .
The plan is all wrong , níl bun ná barr leis an bplean .