TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
this , I Dem.pron. É (í, iad) seo . 1 a I'll give you this , tabharfaidh mé é seo dhuit . Who is this? cé hé seo? This is James , seo é Séamas . It was like this , seo mar a bhí . Take these , tóg iad seo . b Seo (following prep . prons , or cmp .prep . preceded by poss .a . ) What do you mean by this? cad is ciall leis seo agat? After this , ina dhiaidh seo . 2 (Opposed to that) Will you have this or that? cé acu is fearr leat é seo nó é sin? F : He hasn't this nor that , níl seo ná siúd aige . F : To put this and that together , an scéal a chur i dtoll a chéile . Speaking of this and that , ag cur seo siúd trí chéile . II ► this , dem .a . a Seo . This book , an leabhar seo . In these days , ar na saolta seo . This day last year , bliain is an lá inniu . He ran this way and that , rith sé soir siar . S.a. ONE III. b I've been watching you these ten minutes , táim ag faire ort le deich nóiméad . III ► this , dem .adv . This high , an airde seo, chomh hard seo . S.a. MUCH3 .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
This is how I go about it , seo mar théim ina chionn .
This proposal met with general acceptance , glacadh go forleathan leis an moladh seo .
I deliver this as my act and deed , faoi mo láimh .
The chief actor in this event , an té is treise lámh sa ghnó seo .
He is adamant (on this point) , tá sé chomh dáigh le carraig chloiche (faoi seo) .
This news added to our joy , mhéadaigh an scéala seo ar ár lúcháir .
The affairs of this world , gnóthaí an tsaoil seo .
These books are my affliction , tá mé in éadóchas ag na leabhair seo .
These trees afforded us but little shelter , is beag foscadh a thug na crainn seo dúinn .
This rumour set the country aflame , chuir an scéal reatha seo an tír trí thine .
This notion is afloat again , tá an smaoineamh seo ag tógáil a chinn arís .
After this date , ón lá seo amach .
I shall see him this afternoon , feicfidh mé tráthnóna é .
Three this year as against ten last year , trí cinn i mbliana i gcomórtas le deich gcinn anuraidh .
These armies aggregated 300,000 men , bhí trí chéad míle fear ag na hairm seo eatarthu .
His speech amounts to this , seo é bun agus barr a chuid cainte .
Consider it from this angle , tar sa cheann seo de ; breathnaigh mar seo air .
This applies to my case , tá feidhm aige seo i mo chás-sa .
It averages (up to) this much , tagann sé a fhad leis an méid seo, tríd agus tríd .
This is far and away the best , seo an rud is fearr ar gach uile bhealach .
There is something at the back of this , tá rud éigin taobh thiar den obair seo .
This is bad history , stair bhréagach é seo .
It is done in this manner , ar an gcaoi seo a dhéantar é .
You are to re-write this page , tá ort an leathanach seo a athscríobh .
This page and the one before , an leathanach seo agus an ceann roimhe .
These jobs go (a-)begging , níl iarraidh ag aon duine ar na poist seo .
What is behind all this ? céard atá ar a chúl seo? céard is bunúdar leis seo?
This one is better than that one , is fearr an ceann seo , tá an ceann seo níos fearr , ná an ceann sin .
This work is beyond me , tá an obair seo os cionn m'acmhainne .
The matter boils down to this . . ., seo bun agus barr an scéil . . .
This was a bomb-shell to us all , chuir an scéala seo uafás orainn .
This letter came like a bomb-shell , tháinig an litir seo mar a thitfeadh splanc orainn .
Both of these stories must be told , caithfear an dá scéal seo a insint .
F : This is my boy , seo mo mhac .
This brings me back to my childhood , cuireann seo laethanta m'óige i gcuimhne dhom .
Bring it round this evening , bíodh sé leat tráthnóna .
I bought this horse cheap , fuair mé an capall seo i saorchonradh .
He ought to be here by now, by this time , ba chóir dó a bheith anseo faoi seo , um an dtaca seo .
This one is longer by two feet , is faide de dhá throigh an ceann seo ; tá dhá throigh ag an gceann seo ar an gceann eile .
This is not the case , ní hamhlaidh atá .
We were caught up in this wave of enthusiasm , scuab an taom dúthrachta seo leis sinn .
This much is certain, that . . ., tá an méid seo cinnte, siúráilte, dearfa, go . . .
This journey will be (a bit of) a change for you , déanfaidh an t-aistear seo athrú dhuit .
These planes are good climbers , is sciobtha ó na heitleáin seo ardú .
To shuffle off this mortal coil , éalú m ó bhuaireamh an tsaoil seo .
He comes this way every week , tagann sé thart an bealach seo gach uile sheachtain .
It comes to this, that ..., seo é an chaoi a bhfuil sé, go ...
This plan came to be realized , cuireadh an scéim seo i gcrích .
When these cases come before the court , nuair a chuirfear na cúiseanna seo os comhair na cúirte .
It comes down to this . . ., is é seo éirim an scéil . . .