Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bedsore · befog · bore · fore · bee
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh before »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
before. 1 adv. a (In space) Ar tosach. To go on before, imeacht ar tosach. There were trees both before and behind, bhí crainn ar tosach agus ar deireadh. This page and the one before, an leathanach seo agus an ceann roimhe. b (In time) The day, the year, before, an lá, an bhliain, roimhe sin. The evening before, tráthnóna aréir, tráthnóna inné, roimhe sin. The year before, an bhliain roimhe sin. I have seen him before, chonaic mé cheana é. I had never seen him before, ní fhaca mé riamh go dtí sin é. 2 prep. a (Place) Ar aghaidh, os comhair, i bhfianaise (with gen.); roimh(pron. forms sg. romham, romhat, roimhe m, roimpi f; romhainn, romhaibh, rompu). To stand before s.o., seasamh ar aghaidh duine. Before my (very) eyes, os coinne mo dhá shúl. He said so before me, dúirt sé sin i m'fhianaise. S.a. WIND1 1 b (Time) Before Christ, roimh Chríost. I arrived before him, bhaineas an tosach de. Before long, roimh i bhfad, go gairid. It ought to have been done before now, ba chóir a dhéanamh, ba chóir dó a bheith déanta, cheana. We were there before our time, bhíomar ann roimh ré. The day before the battle, an lá roimh an gcath. Before going away, he said . . ., roimh imeacht dó, sular imigh sé, dúirt sé ... Fin: Redemption before due date, fuascailt roimh an dáta, c (Preference, order) Before everything else, os cionn, thar, gach uile ní. Ladies before gentlemen, faigheadh na mná tús. 3 conj. Sula(r). a Come and see me before you leave, tar ag amharc orm sula n-imeoidh tú. It will not be long before we see him again, ní fada go bhfeicimid arís é. It was long before he came, b'fhada go dtáinig sé. b I will die before I yield, b'fhearr liom mo bhás ná géilleadh.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Jur: Accessory before the fact, cúlpháirtí roimh an ngníomh.
To air clothes (before the fire), éadaí a chur leis an tine, a aeráil.
Another was there before me, bhí duine eile ansin romham.
To appear before a court, teacht os comhair cúirte.
Before winter begins, sula dtiocfaidh an geimhreadh.
He was brought before the judge, tugadh i láthair an bhreithimh é. S.a. WORD1
To bring s.o. up before the court, duine a thabhairt chun dlí.
The business before the meeting, an gnó atá os comhair an chruinnithe.
He carried all before him, (i) ghnóthaigh sé a raibh ann; (ii) bhí an lámh in uachtar aige i ngach uile shórt.
You're putting the cart before the horse, tá an ceann contráilte den scéal agat.
Don't count your chickens before they are hatched, ní breac é go mbeidh sé ar an bport; ná maraigh an fia go bhfeicfidh tú é.
When these cases come before the court, nuair a chuirfear na cúiseanna seo os comhair na cúirte.
Jur: To come up before the Court, teacht os comhair na Cúirte.
To cower before s.o., cúbadh roimh dhuine; creathnú roimh dhuine.
To crawl before s.o., lútáil a dhéanamh le duine.
The day before yesterday, arú inné.
Before day, roimh an lá.
It will be a long day before I go there again, is fada arís go rachad ann.
Before daylight, roimh bhreacadh an lae.
He died before his time, fuair sé bás go hóg, ba gearr a mhair sé.
(Of clouds, etc.) To drive before the wind, imeacht leis an ngaoth.
Before my eyes, ar m'aghaidh amach, os comhair mo shúl.
To bow before the facts, géilleadh do na fírinní.
To fall down before s.o., umhlú go talamh roimh dhuine.
We have a clear field before us, níl aon bhac romhainn amach.
I shall have finished before you, beidh deireadh agam romhat.
Before a rousing, a roaring, fire, os coinne bladhmsach thine amach.
It will be a long time before I get over it, is fada go gcuirfead a chuimhne as mo cheann.
Go before me, gabh (amach) romham.
Might went before right, bhuaigh an neart ar an gceart.
To go on as before, leanúint mar bhí roimhe.
To grovel before s.o., bheith ag umhlú go talamh os comhair duine; (of dog) bheith ag lútáil ar dhuine.
You have been in prison before -- I haven't, bhí tú i bpríosún roimhe -- Ní raibh mé.
The hush before the storm, an ciúnas roimh an doineann.
He couldn't see an inch before him, níor léir dó a lámh.
He was off before you could say Jack Robinson, bhí sé bailithe leis fad a bheadh 'Dia le m'anam' á rá agat.
Just before I came, go díreach sular tháinig mé.
To bow the knee before s.o., géilleadh go humhal do dhuine; glúin a fheacadh do dhuine.
The night before last, arú aréir.
Engr: Proof before letters, profa m roimh inscríbhinn.
A vast plain lay before us, bhí machaire fairsing sínte romhainn amach.
A fine future lies before him, tá saol breá roimhe.
It will be a long time before the agitation dies down, is fada go gciúnóidh an racán.
Before long, ere long, go gairid, roimh i bhfad.
It will be long before we see his like, is fada arís go bhfeicfimid a leithéid.
Long, before, after, i bhfad roimhe sin, ina dhiaidh sin.
Not long before, after, tamall beag roimhe sin, ina dhiaidh sin.
Look before you leap, is fearr féachaint romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh.
Before many days have passed, go gairid; faoi cheann tamaill.
Before the mast, ar tosach.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht