Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bend · beonn · betony · blond · bond
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh beyond »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
beyond. 1 adv. Thall. 2 prep. Taobh thall de, thar. a The house is beyond the church, ar an taobh thall, ar an taobh eile, den eaglais atá an teach. The countries beyond the seas, na tíortha thar lear. A man from beyond the village, fear thar baile amach. He is beyond the pale, tá sé thar cailc ar fad. S.a. REACH1 1 b He stayed beyond his time, d'fhan sé rófhada. Beyond a certain date, ó chaitear an lá cairde, ó rachas dáta áirithe thart. c (Surpassing) Beyond praise, os cionn molta, thar mholadh. He succeeded beyond his hopes, d'éirigh leis ní b'fhearr ná mar a bhí súil aige leis. He went beyond his authority, chuaigh sé taobh anonn dá chead. This work is beyond me, tá an obair seo os cionn m'acmhainne. It was beyond me, bhí sé ródheacair agam, sháraigh sé mé, chinn sé orm. S.a. MEASURE1 3, QUESTION1 2 That is (going) beyond a joke, tá sin ag dul thar ghreann. It is beyond repair, tá sé ó chóiriú. He is beyond recovery, tá a bhiseach tugtha. d (Except) He has nothing beyond his wages, níl a dhath eile ach a thuarastal, le cois a thuarastail, aige. 3 s.The beyond, an taobh thall; an saol m úd eile. F: At the back of beyond, ar chúl éaga; i mbaile i bhfad siar.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Beyond (all) bearing, dofhulaingthe.
To go beyond all bounds, to pass all bounds, dul thar fóir ar fad, dul as miosúr.
It is beyond compare, níl a shárú ann; níl cinneadh ar bith leis.
That is beyond my compass, tá sin taobh amuigh de réim mo chuid eolais.
It lies beyond my competence, níl údarás agam air.
Beyond computation, as cuimse, gan chuntas.
Circumstances beyond our control, cúrsaí nach bhfuil aon neart againn orthu.
It is beyond controversy, níl aon amhras faoi.
Beyond description, thar insint scéil.
It is beyond description, níl insint air.
Beyond dispute, dobhréagnaithe.
Beyond (a) doubt, without a doubt, gan amhras dá laghad, gan aon agó.
Beyond endurance, thar acmhainn, thar fhulaingt.
Beyond, without, example, nach raibh a leithéid eile riamh ann.
Beyond expression, do-inste; nach féidir a chur i gcéill.
The farm extends beyond the river, tá an fheirm ag síneadh thar an abhainn.
It was beyond his grasp, ní raibh breith aige air.
From beyond the grave, ón saol eile; ón trá thall.
He went beyond his instructions, níor fhan sé i mbun a chuid orduithe.
Within, beyond, my ken, ar, thar, m'eolas.
To project beyond the building line, gobadh amach thar an líne tógála.
He is living beyond his means, is mó a mhála ná a sholáthar.
Beyond my means, thar m'acmhainn.
Beyond measure, as miosúr, as cuimse, thar fóir.
outside the pale of society, beyond the pale, ar díbirt ón gcumann daonna.
Beyond peradventure, gan amhras ar bith.
It is beyond my power to save him, níl sé i mo cheann finne é a shábháil.
To exceed, go beyond, one's powers, d'údarás a shárú.
Beyond all praise, os cionn ranna.
They are beyond price, without price, ní féidir drannadh leo; tá siad as compás.  
That car is beyond my purse, tá an carr sin ródhaor agamsa.
Beyond (all) question, past question, gan aon agó.
Beyond the reach of all suspicion, os cionn amhrais.
They are beyond my reach, tá siad thar m'acmhainn.
Beyond the reach of human intellect, as raon na hintleachta daonna.
That is beyond my reach, téann sin ó scil orm.
Lost beyond recall, caillte go deo.
Past reclaim, beyond reclaim, imithe ó leigheas, ó leasú.
To alter sth. beyond, past, recognition, rud a chur glan ó aithne.
Spoilt beyond (all hope of) redemption, millte go deo; ó leigheas.
Injury beyond redress, past redress, díobháil gan leigheas.
Ruined beyond repair, scriosta go deo; ó mhaith.
Beyond reproach, gan locht.
Beyond retrieval, past retrieval, ó leigheas, thar taomadh.
That is beyond, outside, my scope, níl sin ar m'acmhainn.
Beyond, over, the sea, thar muir; thar lear.
From beyond the sea, anall thar farraige.
To stick out beyond sth., gobadh amach thar rud.
He was surprised beyond measure, bhí iontas na n-iontas air.
Evidence not beyond suspicion, fianaise nach bhfuil saor ó amhras.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht