ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Phil: To associate ideas, smaointe a chomhcheangal le chéile.
Association of ideas, comhcheangal m smaointe.
Mind barren of ideas, intinn folamh ó smaointe.
Connate ideas, smaointe mpl dúchais.
He thinks connectedly, tagann a chuid smaointe as a chéile chuige.
Continuity of ideas, comhcheangal smaointe.
To break the continuity of s.o.'s ideas, smaointe duine a chur trína chéile.
To express thoughts on paper, smaointe a chur síos ar pháipéar.
The thoughts that filled his mind, na smaointe a bhí ag dul trína intinn.
Fine sentiments, smaointe gan cháim, smaointe uaisle.
F: Gravid with ideas, lán de smaointe.
High thoughts, smaointe uaisle.
Thoughts of a sombre hue, smaointe gruama.
Man of ideas, fear mór smaointe.
Our inmost thoughts, na smaointe is uaigní inár gcroí.
Interconnected ideas, smaointe a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile.
I should like time to consider it, ba mhaith liom faill smaointe a fháil.
Muddle-headed ideas, smaointe scaipthe.
Ideas next-door to madness, smaointe atá ag bordáil ar mhearadh.
Occupied with her own thoughts, gafa ag a smaointe féin.
Ideas that pervade the public mind, smaointe a líonann isteach in intinn an phobail.
Poverty of ideas, teirce f smaointe.
To propagate ideas, smaointe a scaipeadh, a chraobhscaoileadh, a leathnú.
To put one's thoughts into words, focail a chur ar do chuid smaointe.
Quaint ideas, (i) smaointe seanchaite; (ii) smaointe barrúla.
Rapt in contemplation, ar maos ina chuid smaointe.
To read thoughts, smaointe duine a léamh.
Related ideas, smaointe gaolmhara.
Root ideas, smaointe bunúsacha.
To set out ideas clearly, smaointe a chur i ndiaidh a chéile go soiléir.
Stray thoughts, smaointe fánacha.
His brain is teeming with new ideas, tá a inchinn ar fiuchadh le smaointe úra.
Gloomy thoughts, smaointe mpl duairce.
Train of thought, snáithe m smaointe.
My truant thoughts, mo chuid smaointe fánacha, seachránacha.
To turn one's thoughts to God, do smaointe a iompú chun Dé.
To let one's thoughts wander, do smaointe a ligean chun fáin.