ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To go by the board, dul i bhfarraige.
The sun dipped below the sea, chuaigh an ghrian i bhfarraige.
To carry a canal as far as the sea, canáil a ghearradh chomh fada leis an bhfarraige.
To follow the sea, beatha a thuilleamh ar an bhfarraige; dul le farraige.
Nau: To jettison the cargo, an last a chur i bhfarraige, a chaitheamh thar bord.
Out at sea, amuigh ar an bhfarraige.
To fall overboard, titim thar bord, i bhfarraige.
Man overboard! fear i bhfarraige!
To go to sea, to follow the sea, dul leis an bhfarraige; le mairnéalacht.
To stand out to sea, seoladh amach ar an bhfarraige mhór.
Seaward breeze, gaoth ón bhfarraige.
The cliff descends sheer to the sea, tá an fhaill ag dul lom díreach i bhfarraige.
Off shore, (amach) i bhfarraige.
It faces towards the sea, tá a aghaidh ar an bhfarraige.
To go for a short sea trip, geábh m a thabhairt ar an bhfarraige.
The rocks were worn away by the sea, bhí na carraigeacha creimthe ag an bhfarraige.