Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cast · cist · coast · cos · cosc
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh cost »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
cost1, s. 1 Costas m, luach m. Cost of living, costas m maireachtála. To bear the cost of an undertaking, costas gnó a íoc. He did it at the cost of his life, dhíol sé lena anam as. At little cost, ar bheagán (costais). At great cost, go daor. At any cost, at all costs, ar ais nó ar éigin. I learnt it to my cost, fuaireas amach ar an drochuair dom féin é. Com: Prime cost, net cost, bunchostas m. S.a. PRICE1 . 2 pl.Jur: Costais. To allow costs, costais do lamháil. They were ordered to pay costs, gearradh na costais orthu.
cost2 . 1 v.i. Cosnaíonn, téann. The chairs cost so much each, chuaigh na cathaoireacha oiread seo an ceann. His house cost him £5,000, chosain an teach cúig mhíle punt air. That will cost a lot of trouble, tarraingeoidh sé sin go leor achrainn. The attempt cost him his life, maraíodh é san iarracht. How much does it cost? cé mhéad atá air? 2 v.tr. Costálaim (earra). To cost a job, costas oibre a mheas.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Advanced cost, costas m ardaithe.
The cost of printing affects it, tá baint ag costas na clódóireachta leis.
They cost me a shilling apiece, scilling an ceann a thug mé orthu.
It is he who bore the cost of it, eisean a chaill leis.
Cost-of-living bonus, bónas maireachtála.
To count the cost, an costas a chomhaireamh.
To defray the cost of sth., costas ruda a íoc.
They cost a shilling each, cosnaíonn siad scilling an ceann.
The cost of it is estimated at five hundred pounds, meastar go mbeidh cúig chéad punt de chostas air.
It will cost five hundred in round figures, cosnóidh sé isteach is amach le cúig chéad.
F: It has cost me a fortune, tá mám m airgid caillte agam leis.
Increased cost of living, daoirsiú na beatha.
It would cost a mint of money, chosnódh sé na táinte.
It cost a pretty penny, chosain sé pingin mhaith (airgid).
Cost price, costas m ceannaithe.  
Cost of production, costas m déanta.
I will do it though it cost me my fortune, déanfaidh mé é, dá gcaillinn mo chuid den saol leis.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht