Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: forte · fortún · fortunate · foetus · foirne
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh fortune »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fortune, s. 1 a Cinniúint f -úna, seans m. By good fortune, ar ámharaí an tsaoil, ar an dea-uair. He tried his fortune, chuaigh sé sa seans. Fortune favoured him, bhí an t-ádh ina chaipín; bhí sciorta den ádh air. b The fortune of war, cinniúint chogaidh. To tell fortunes, fios, fáistine, a dhéanamh. She told my fortune by cards, léigh sí na cártaí dhom. 2 a Ádh m, rath m -a. b m, séan m, conách m. A man of fortune, fear deisiúil, saibhir. He was born to fortune, bhí saibhreas ón gcliabhán aige. c Maoin f, rachmas m. To make a fortune, stór m a chruinniú, a dhéanamh. He came into a fortune, thit oidhreacht f leis. F: It has cost me a fortune, tá mám m airgid caillte agam leis. d He married a fortune, phós sé saibhreas, fuair sé spré mhór lena bhean.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He accumulated a fortune, rinne sé a shaibhreas.
Big fortune, uacht throm.
They came into a fortune, thit uacht orthu; tháinig siad isteach ar uacht.
To dice away a fortune, na táinte a chaitheamh le himirt.
His fortune dies with him, caillfear a ollmhaitheas nuair a gheobhaidh sé bás.
He is dogged by ill fortune, tá an tubaiste anuas air.
He is favoured by fortune, tá an t-ádh ina bhróga.
Freak of fortune, cor m aisteach den chinniúint.
To game away a fortune, saibhreas a scaipeadh le himirt.
Handsome fortune, crodh breá.
To make a fortune, one's fortune, saibhreas m a chnuasach.
Modest fortune, spré réasúnta beag.
Reverse of fortune, míchonách m, díomua m.
He suffered a reverse of fortune, d'iompaigh an roth air.
He ran through a fortune, scaip sé fortún airgid.
Soldier of fortune, amhas m, saighdiúir pá.
He was the sport of fortune, bhí sé ina gheall imeartha ag an saol.
To taste happiness, ill fortune, aithne an tsonais, an donais, a fháil.
I will do it though it cost me my fortune, déanfaidh mé é, dá gcaillinn mo chuid den saol leis.
He has a tidy fortune, tá riar maith de chuid an tsaoil aige.
The total loss of his fortune, lánchreach f, léirscrios m, a shaibhris.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht