TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
again , adv . 1 a Arís, as úire . Once again , uair amháin eile . Here we are again! ar ais arís! Don’t do that again , ná déan sin níos mó . Never again , go brách arís . Again and again, time and again , arís agus arís eile . Now and again, ever and again , anois is arís ; ó am go ham . As much again , an oiread sin eile . Half as much again , a leath oiread eile . b (Back) To send, give, sth. back again , rud a chur, a thabhairt, ar ais . To come again , teacht ar ais arís . c F : What's his name again? cén t-ainm seo atá air? d (Intensive) The blow made his ears ring again , chuir an buille gliogar ina chluasa . The loaded table groaned again , rinne an bord gliúrascnach le meáchan na mias . 2 a Lena chois sin . Again I am not sure that ..., lena chois sin nílim cinnte go . . . b (Then) again, (and) again , agus ina theannta sin .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is about again , tá sé ar a bhoinn arís .
This notion is afloat again , tá an smaoineamh seo ag tógáil a chinn arís .
She's at it again (i.e., crying, etc.) , tá sí ar obair arís .
They are at me again , tá siad ag gabháil dom arís .
He was never to see them again , ní raibh sé i ndán dó a bhfeiceáil arís .
It will not be long before we see him again , ní fada go bhfeicimid arís é .
To bob up again , teacht ar ais ar uachtar .
One is born again , athbheirtear duine .
(Of swimmer) He found bottom again , fuair sé áit a bhonn arís .
To bring persons together again , athchairdeas a dhéanamh idir daoine .
To call again , teacht arís (chuig an teach) .
You won't catch me doing that again! beag an baol orm é sin a dhéanamh arís!
It came to the surface again , nocht sé aníos arís ; tháinig sé go huachtar aríst .
To come up to the surface again , teacht ar uachtar ar ais .
Never darken my door again! ná dall mo dhoras go brách arís!
It will be a long day before I go there again , is fada arís go rachad ann .
He was destined never to see her again , ní raibh sé i ndán dó í a fheiceáil go brách arís .
I won't do it again , ní dhéanfad arís é .
Ever and anon, ever and again , anois agus arís ; ó uair go chéile .
I can never look him in the face again , ní ligfidh an náire dom féachaint idir an dá shúil air go deo arís .
He won't show his face here again , ní bheidh sé de dhánacht ann cos a leagan anseo arís .
He rose to his feet (again) , d'éirigh sé ar a bhoinn arís .
He is on his feet again , tá sé ar a chois arís .
She'll never see forty again , tá an daichead fágtha ina diaidh aici .
(Of invalid) To get about again , bheith ar na boinn arís, ag úlóid thart arís .
He went to help her, but she got up again , bhí sé chun cabhraithe léi ach d'éirigh sí arís .
There you go again! ar do sheanléim arís duit! an seanphort céanna arís agat!
He is going about again , tá sé ar a chois arís .
How good it is to see the sun again , nach aoibhinn an rud é an ghrian a fheiceáil arís .
To grow again , athfhás (a dhéanamh) .
F : I guarantee that he won't do it again , mise mar cheap leis, mise faoi dhuit, nach ndéanfaidh sé arís é .
Half as big again , leathuair eile chomh mór .
Half as much again , a leath oiread sin eile .
Don't let it happen again , ná tarlaíodh sé arís ; ná bíodh sin amhlaidh níos mó .
They were never heard of again , ní bhfuarthas lá tuairisce orthu riamh ní ba mhó .
F : I shan't do it again in a hurry , is fada arís go ndéanfaidh mé a leithéid .
He got on his legs again , (i) d'éirigh sé arís (ina sheasamh) ; (ii) tháinig cumas a chos arís chuige ; tháinig sé chuige féin arís .
To set s.o. on his legs again , (i) duine a chur ina sheasamh arís ; (ii) duine a chur ar a chosa arís .
We shall never look upon his like again , ní fheicfimid a mhacasamhail go brách arís ; ní bheidh a leithéid arís ann .
I can never look him in the face again , ní bheidh tógáil mo chinn agam leis go brách arís .
I shall look in again to-morrow , beidh mé isteach arís amárach .
To look over an account again , cuntas a athscrúdú .
F : It's just lovely seeing you again! is é an eorna nua tú a fheiceáil arís!
They made it up (again) , rinne siad cairdeas le chéile arís .
As many again , an oiread (sin) eile .
Until we meet again , beannacht leat go bhfeicfidh mé arís thú .
It must never be mentioned again , ná tráchtar choíche arís air .
This question is mooted again , tá an cheist seo ag dul á hathphlé .
As much again , a oiread eile .
Give me half as much again , tabhair a leathoiread sin eile dom .