TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
dear . I a . a Dil, ionúin . I hold him dear , tá cion mór agam air . My dear fellow , a dhuine chóir, a dhuine chroí . Dear Madam , a bhean uasal . Dear Sir , a dhuine uasail, a chara . He ran for dear life , rith sé lena anam . b Daor, costasach . (Of food, etc.) It is getting dear, dearer , tá sé ag daoirsiú, tá sé ag dul i ndaoire, tá sé ag ardú . ► dearly , adv . 1 Go daor . You shall pay dearly for that , íocfaidh tú sin . 2 Dearly loved , dilghrách, ionúin . He dearly loves his work , tá an-luí aige lena chuid oibre . II ► dear , s . Maoineach m , muirnín m . My dear , a mhuirnín, a rún, a ansa . III ► dear , adv . 1 (Íoc) go daor . 2 He sold his life dear , reic sé a anam go daor . IV ► dear , int . Dear dear! dear me! a thiarcais! Oh dear! a mhuiricín!
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
My dear boy , a dhuine chléibh .
It is a dear-bought advantage , ní saill gan fiacha é , is daor an ailím é .
My dear friend , a dhuine mo chroí, na n-árann .
My dear girl! a chailín ghil mo chroí! a iníon ó!
That’s not dear as things go , níl sin daor agus an luach atá anois ar rudaí .
He ran for his life, for dear life , rith sé lena anam, i dtánaiste an anama .
He was rowing for dear life , bhí sé ag rámhaíocht ar a chroí díchill .
Dear Madam , a bhean uasal, a bhean chóir .
That ought to be dear to the meanest intelligence , ba chóir go mbeadh an méid sin intuigthe ag an té is lú meabhair .
My dear man! a dhuine chroí .
Those near and dear to him , a mhuintir mhuirneach féin ; iad sin is neasa dhó .
Our dear ones , ár muintir féin ; ár gcairde gaoil .
He paid dear(ly) for his happiness , is daor a cheannaigh sé an t-aoibhneas .
Your own dear self , tú féin, a chroí .
Shockingly dear , millteanach daor .
My dear sir , a dhuine chóir .
Corr : (Dear) Sir , A Chara .
So, my dear, I am forced to leave , agus sin é agat é, a chroí, tá orm imeacht liom .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was conspicuous by his absence , thabharfadh an saol mór faoi deara nach raibh sé ann .
It has not changed appreciably , níl aon athrú le tabhairt faoi deara air .
To cause s.o. to do sth ., cur faoi deara do dhuine, tabhairt ar dhuine, rud a dhéanamh .
To become conscious of sth ., rud a thabhairt faoi deara .
To constrain s.o. to do sth ., iallach a chur ar dhuine rud a dhéanamh, a chur d'iallach ar dhuine, faoi deara do dhuine, rud a dhéanamh .
The mistake escaped detection , níor tugadh an dearmad faoi deara .
To discern no difference , gan aon difríocht a thabhairt faoi deara .
Jealousy has a lot to do with it , éad faoi deara a lán de .
This is John's doing , is é Seán faoi deara é seo .
It is due to him , eisean faoi deara é, eisean is ciontach leis .
It escaped notice , níor tugadh faoi deara é .
Things that cannot fail to be seen , rudaí nach féidir gan a dtabhairt faoi deara .
I find it is time to go , tugaim faoi deara go bhfuil sé in am imeachta .
To the fore , (i) le feiceáil, le tabhairt faoi deara ; (ii) i láthair .
To get sth. done by s.o ., cur faoi deara do dhuine rud a dhéanamh .
Grim necessity compelled him to . .., an dianghátar faoi deara dó . . . ; an lomangar a thug air ...
An imperceptible difference , difríocht nach dtabharfaí faoi deara .
Imperceptible to the eye , (rud) nach dtabharfadh súil duine faoi deara .
His atone marked him out from the crowd , bhí sé le haithint, le tabhairt faoi deara, thar an slua ar a chuid éadaigh .
I missed my purse , thug mé faoi deara nach raibh mo sparán agam .
To take notice of sth ., rud a thabhairt faoi deara ; sonrú a chur i rud .
The fact came to my notice that . .., thug mé faoi deara go . . . ; cuireadh ar mo shúile go . . .
I have never noticed it , níor thug mé riamh faoi deara é .
I noticed her look at her watch , thug mé faoi deara í ag féachaint ar a huaireadóir .
It is not noticeable , ní thabharfaí faoi deara é .
He is noticeably thinner , thabharfá faoi deara gur éirigh sé tanaí .
When he came under my observation , nuair a thugas faoi deara é ; nuair a chuireas sonrú ann .
I observed him draw the curtains , thugas faoi deara é ag tarraingt na gcuirtíní .
To perceive s.o ., duine a fheiceáil, a thabhairt faoi deara, a shonrú .
I note with satisfaction that . . ., is mór an sásamh dom a thabhairt faoi deara go . . .
I never liked him somehow , cibé ní faoi deara é, níor thaitin sé riamh liom .
I'll teach you to speak to me like that! cuirfidh mise faoi deara duit nach labhróidh tú mar sin liom arís!
F : You have only yourself to thank for it , ní haon duine eile ach tú féin faoi deara é .
It all happened through John , Seán ba chúis leis an iomlán, faoi deara an t-iomlán .
(Of mistake) It passed undetected , níor tugadh faoi deara é .
It passed unheeded , níor tugadh faoi deara é .
He was armed with a gun, which weapon I had not observed , bhí gunna ar iompar aige, rud nár thugas faoi deara roimhe sin .
It is worthy of note that . . ., is fiú, ní miste, a thabhairt faoi deara go . . .