TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
into , prep . Isteach i . 1 (Motion, direction) To go into a house , dul isteach i dteach, dul faoi theach . Far into the night , amach san oíche . He came into a little property , thit oidhreacht bheag leis . 2 (Change, result) To change water into wine , fíon a dhéanamh den uisce . He grew into a fine man , rinneadh fear breá de . To divide sth. into four parts , rud a roinnt ina cheithre chuid . To collect into heaps , carnáin a dhéanamh . She burst into tears , bhris a gol uirthi .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To take sth. into account, to take account of sth ., rud a chur san áireamh .
To put, set, bring, call, sth. into action , rud a chur ar obair, ar siúl .
To come into action , dul ag obair .
He brought the law into action , chuir sé an dlí ar siúl .
To go into action , dul i gcomhrac .
To enter into, conclude, an agreement with s.o ., comhaontú a dhéanamh le duine .
To throw sth. into the air , rud a chaitheamh san aer, sa spéir .
All that money has vanished into thin air , tá an t-airgead sin uile imithe le sruth .
To enter into an alliance with s.o ., dul i gcomhar, i bpáirt, le duine .
They fell into an ambush , rugadh orthu in oirchill .
F : Put your back into it , leag ort féin , cuir do ghualainn leis .
The car backed into the garage , chuaigh an carr isteach sa gharáiste i ndiaidh a chúil .
He got into the job through the back-door , shleamhnaigh sé isteach sa phost le fabhar .
He badgered me into giving it to him , bhí sé ag gabháil dom gur thug mé dó é .
Into the bargain , le cois , lena chois sin .
To barge into, against, s.o. , greadadh in éadan duine .
I have been into every shop in the street , tá gach uile shiopa sa tsráid siúlta agam .
He was into the room like a flash , seo isteach sa seomra é ar luas lasrach .
F : He turned the house into a bear-garden , chuir sé íochtar an tí ar uachtar ; rinne sé cíor thuathail den teach .
To get into bed , dul isteach sa leaba .
To come into being , teacht ann .
The coming into being of a new industry , bunú tionscail nua .
To bring a plan into being , scéim a chur i gcrích .
To betray s.o. into error , duine a tharraingt ar bhealach a aimhleasa .
It burst (out) into a blaze , chuaigh sé ar scaite lasrach .
To infuse new blood into a movement , beocht a chur i ngluaiseacht .
It burst into bloom , tháinig bláth air .
She blossomed into a fine girl , d'éirigh sí ina cailín breá , rinne sí cailín breá .
To blow air into sth ., aer a shéideadh isteach i rud .
To blunder against, into, s.o ., bualadh in éadan duine .
He bounced me into doing it , dheifrigh sé mé lena dhéanamh le tréan cainte .
To break s.o. into a kind of work , duine a chló le cineál áirithe oibre .
To break into a house , briseadh isteach i dteach .
To break into a cake , cáca a bhearnú .
He broke into a laugh , d'imigh gáire air , phléasc sé amach ag gáire .
He broke into tears , shil na súile air .
To break into praise of s.o ., tosú ag moladh duine .
To break into a trot , cromadh ar shodar .
He broke forth into rage , tháinig racht mearaithe air .
Her face broke out into pimples , tháinig lear goiríní ar a haghaidh .
He broke out into a sweat , thosaigh sé ag suaitheadh allais .
To break out into excesses , dul thar an measarthacht .
Breaking into a house , briseadh isteach i dteach .
To breathe air into sth ., aer a shéideadh isteach i rud .
To breathe courage into s.o ., misneach a chur i nduine .
To bring s.o. into danger , duine a chur i mbaol .
To bring sth. into question , rud a tharraingt anuas .
To bring sth. into action, into play , rud a chur ag obair . S.a. FASHION1
To bully s.o. into doing sth ., duine a scanrú le go ndéanfadh sé rud .
I bumped into, against, the wall , greadadh, buaileadh, in éadan an bhalla mé .