TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
fear 1 , s . 1 Eagla f , faitíos m . Deadly fear , eagla anama . Have no fear , ná bíodh aon eagla ort . I am, stand, go, in fear of him , tá eagla orm roimhe . To go in fear of one's life , eagla d'anama a bheith ort . For fear of mistakes, of making a mistake , ar fhaitíos an dearmaid, leisce an dearmaid . For fear we should forget , ar eagla go ndéanfaimis dearmad . F : No fear! beag an baol! 2 Uamhan m (Dé) . F : To put the fear of God into s.o ., scanradh a anama a chur ar dhuine .
fear 2 , v .tr . 1 Tá eagla, faitíos, scanradh, orm roimh (dhuine, rud) . 2 I fear for him , tá imní orm ina thaobh . I fear it is too late , is eagal liom, is baolach, go bhfuil sé ródhéanach . F : Never (you) fear! don't you fear! , beag an baol! ná bíodh eagla ort! 3 Tá uamhan (Dé) ionam, i mo chroí .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Away with fear! cuirimis uainn an eagla!
(Of pers.) He blanched with fear , tháinig dath bán air le heagla .
He is in bodily fear , tá eagla a chraicinn air .
Chill of fear , drioganna faitís .
Crazy with fear , líonraithe le faitíos .
He administered justice, without fear or favour , chuir sé an dlí i bhfeidhm gan chamadh gan chlaonadh .
Great fear , dúfhaitíos m .
Fear gripped him , ghlac scéin é ; bhuail scanradh é .
There was a growing fear that . . ., bhí eagla na ndaoine go ... ag méadú .
Under the influence of fear , le teann eagla .
He knows no fear , níor chuir a dhath riamh eagla air .
He is in mortal fear of ..., tá eagla a bháis air go ...
Fear not , ná bíodh eagla ort .
Not that I fear him , ní eagla atá orm roimhe ; ní hé go bhfuil eagla orm roimhe .
He was left numbed with fear , fágadh sioctha leis an eagla é .
The fear of God , eagla Dé .
For fear of . . ., le heagla roimh . . .
Their minds were overcast with fear , bhí an eagla ina néal os a gcionn .
F : Paralysed with fear , (duine atá) ina staic le faitíos .
Possessed by fear , faoi eagla .
To quiet s.o.'s fear , an eagla a bhaint de dhuine .
I was ridden by fear , bhí an eagla i ngreim ionam .
F : To rush in where angels fear to tread , dúléim an daill a thabhairt .
Have no fear on that score , ná bíodh eagla ar bith ort ar an séala sin .
He was seized with fear , bhuail eagla é .
Fear sent him out through the streets , ghluais an eagla amach faoi na sráideanna é .
Sickening fear , eagla chráite .
I fear so , sin an eagla atá orm .
He is a stranger to fear , níl a fhios aige cad is eagla ann .
There was that in him which inspired fear , bhí rud éigin, an ní sin, ann a chuirfeadh eagla ort .
He acted through fear , as eagla a rinne sé é .
F : He stood transfixed with fear , d'fhan sé ina staic le scanradh .
F : In fear and trembling , agus eagla d'anama ort .
Fear lent him wings , d'imigh sé i mbarr na bhfáscaí le teann eagla .
Fear winged his flight , ar mhéid a eagla d'imigh sé ar luas na gaoithe .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A man and a woman , fear agus bean .
When I opened the door a man jumped in , nuair a d'oscail mé an doras léim an fear isteach .
A very able man , fear an-ábalta .
Accession to manhood , teacht m in aois fir .
He was accorded a welcome , fearadh fáilte roimhe .
Man of action , fear gníomhartha .
Man of activity , fear gníomhach .
A man of good address , fear a bhfuil teacht i láthair ann ; fear a bhfuil deis a labhartha aige .
They fought man against man , throid siad fear san fhear .
A man of middle age , fear meánaosta .
To be of (full) age , bheith in aois fir (mná) .
Coming of age , teacht in aois (fir, mná) .
These armies aggregated 300,000 men , bhí trí chéad míle fear ag na hairm seo eatarthu .
Men and women alike , idir fhear is bhean .
The best man alive , an fear is fearr ar thalamh an domhain .
He will do it better than any man alive , níl aon fhear beo a dhéanfas é chomh maith leis .
Twenty men in all , fiche fear, líon a slua .
An all-round man , fear ilbheartach .
Ambulance man , fear sínteáin .
He is one among a thousand , fear as an míle atá ann .
She is angling for a husband , ag iarraidh fear céile atá sí .
She has now another husband , tá fear eile anois aici .
pl .We know his antecedents , tá stair an fhir againn .
He knows English if any man does , tá Béarla aige má tá sé ag aon fhear beo .
As good as any man , chomh maith le aon fhear beo, aon fhear cruthaithe .
He has a good appearance , tá cosúlacht bhreá fir air .
As a boy and as a man , ina ghasúr agus ina fhear .
Man of average abilities , fear a bhfuil intleacht chothrom aige .
Man with a beard , fear féasógach ; fear féasóige .
Black-bearded man , fear féasóige duibhe .
She was brought to bed of a boy , rugadh páiste fir di .
Beggar (-man, -woman) , fear, bean, déirce ; bochtán m .
He began life as a ploughman , fear treafa a bhí ann i dtús a shaoil .
Behold the man , ag seo an fear .
The best of men , togha, rogha, scoth, na bhfear .
He is the best worker , níl aon fhear oibre ann ach é .
The best dressed man , an fear is cóirithe ; an fear is fearr éide .
A man from beyond the village , fear thar baile amach .
Big man , (i) fear ard ; (ii) fear mór, téagrach ; (iii) fear sonrach , fear ceannasach .
The black races , na fir ghorma ; na treibheanna dubha .
A true blue , fear d'fhíorscoth na bhFian , duine den phór cheart , searrach na dea-lárach .
A straightforward bluff man , fear nach gcuireann fiacail ann .
A gentleman born , fear uasal ó dhúchas .
F : One of the boys , fear m de na cuilcigh , de na hógánaigh .
Man of brains , fear intleachtach , fear éirimiúil .
A broken man , (i) fear creachta ; (ii) fear croíbhriste .
F : That man is my bugbear , ní lú orm an donas ná an fear sin .
Man of powerful build , fear a bhfuil téagar maith ann ; cliobaire m .
Man of slight build , fear beag éadrom ; geitire m .
F : Well-built man , fear daingean , fear déanta .