Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: another
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To accommodate one thing to another, rud a chur in oiriúint do, a oiriúnú le, rud eile.
To aid one another, cuidiú le chéile; cúnamh a thabhairt dá chéile.
Rowing is one thing, sailing is another, is mór idir iomramh agus seoltóireacht.
(Taking) one year with another, an bhliain mhaith leis an drochbhliain.
Taking one thing with another, idir gach aon sórt.
(Reciprocal pron.)Love one another, bíodh grá agaibh dá chéile.
One mistake balanced another, chomhcheartaigh na dearmaid a chéile.
Subjects closely bound up with one another, ábhair a bhfuil baint mhór acu le chéile, ábhair atá fite fuaite le chéile.
To change one thing for another, rud a bhabhtáil ar rud eile; rud a mhalartú ar rud eile.
To cling together, to one another, teannadh le chéile; fanacht dlúth le chéile.
They are acting in collusion with one another, tá siad rúnpháirteach le chéile.
Rooms that communicate with one another, seomraí a bhfuil bealach eatarthu.
They were in communication with one another during the week, bhí teachtaireachtaí eatarthu i rith na seachtaine.
These errors compensate one another, cealaíonn na dearmaid seo a chéile; cúitíonn na hearráidí seo lena chéile.
To confuse one thing with another, rud a thógáil in ábhraíocht ruda eile.
Cin: To fade one scene into another, dhá radharc a mheascadh ina chéile.
He said first one thing and then another, bhí gach re scéal aige; bhí malairt scéil gach uile phointe aige.
The years follow one another, leanann na blianta a chéile, tagann na blianta ar mhuin a chéile.
To exchange one thing for another, rud a mhalartú ar rud eile.
They said good-bye to one another, d'fhágadar slán ag a chéile; ghlacadar cead lena chéile.
Half one thing and half another, leath feola is leath éisc.
They are hand in glove with one another, tá siad ag obair as lámha a chéile.
They are indistinguishable from one another, ní féidir aithint eatarthu.
We are at loggerheads with one another, táimid in adharca a chéile.
One man's meat is another man's poison, leas Mhurchaidh agus aimhleas Mhánais.
They will miss one another, crothnóidh, aireoidh, siad a chéile.
Mus: To modulate from one key (in)to another, athrú ó ghléas go gléas.
Do you see much of one another? an mbíonn sibh i gcuideachta a chéile go minic?
They are at odds with one another, (i) níl siad ar aon intinn; (ii) tá siad in achrann le chéile.
One another, a chéile.
They looked at one another like stuck pigs, bhí scéin an bhainbh dhóite iontu ag breathnú ar a chéile.
The colours ran into one another, sceith na dathanna.
They follow one another like sheep, leanaid a chéile ar nós na lachan.
To skip from one subject to another, léim ó scéal go scéal.
We scattered, some one way, some another, scaramar, dream soir agus dream siar.
Taking one thing with another, idir mhín agus gharbh.
To express one quantity in terms of another, cainníocht (áirithe) a insint i dtéarmaí cainníochta eile.
To talk of one thing and another, labhairt air seo siúd.
He has neither one thing nor another, níl seo ná siúd aige.
What with one thing and another . . ., idir gach uile shórt . . ., idir seo agus siúd . . .
At one time hot, at another time cold, lá, seal, fuar agus lá, seal, te.
F: One thing happens on top of another, tarlaíonn gach aon rud i mullach a chéile.
To tune one circuit to another, ciorcad a chomhthiúnadh le ciorcad eile.
Prov: One good turn deserves another, dlíonn comaoin cúiteamh.
They vie with one another as to who shall speak, tá siad ag comórtas le chéile, ag iompairc le chéile, féachaint cé acu a labhróidh.
They are in one another's way, tá siad sa bhealach ar a chéile.
In one way or another, ar dhóigh nó ar dhóigh eile.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht