Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: speak for · speak of · speak · speak out · esparto
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh speak to »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
speak to, v.i. 1 Dearbhaím. I can speak to the truth of it, is fianaise mé féin leis. 2 To speak to a point, labhairt ar phointe áirithe. Speak to the point, cruinnigh do chaint.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I never spoke to him after, níor labhair mé riamh leis ó shin.
(With antecedent) I spoke to all the people who were there, labhair mé lena raibh (de dhaoine) ann.
I want to speak to you alone, ba mhaith liom labhairt leat i leataobh.
It is you I am speaking to, (is) leatsa atá mé ag caint.
To speak in, on, s.o.'s behalf, labhairt ar son duine.
To speak by the book, urra a chur le do chuid cainte.
To speak clearly, labhairt go glanghuthach, go soiléir.
I was diffident about speaking to him, ba leasc liom labhairt leis.
To speak disparagingly of s.o., labhairt go tarcaisniúil ar dhuine.
I was still doubtful about speaking to him, bhíos idir dhá chomhairle i gcónaí an labhróinn leis (nó nach labhróinn).
Can I speak to anyone else? bhfuil aon duine eile ann a bhféadfainn labhairt leis?
To speak evil of s.o., labhairt go mailíseach ar dhuine.
To speak in an exalted strain, labhairt go huasal.
To speak (s.o.) fair, (i) labhairt go múinte (le duine); (ii) na huirc is na hairc a ghealladh (do dhuine).
To speak feelingly of sth., labhairt i dtaobh ruda (i) go báúil; (ii) go corraithe.
To speak with feeling, labhairt (i) go díograiseach; (ii) go corraithe.
There's a fellow downstairs who wants to speak to you, tá duine éigin thíos an staighre ag iarraidh labhairt leat.
To speak in glowing terms of s.o., gan fuíoll molta a fhágáil ar dhuine.
To speak words of gold, labhairt go huasal.
He is too far gone to speak, níl ann labhairt.
To whom have I the honour of speaking? cé sin agam ann le do thoil?
To speak ill of s.o., an drochfhocal a rá faoi dhuine.
I was itching to speak, bhí mé i mbroid le labhairt.
F: To speak in a high key, labhairt i nglór géar.
He knows how to behave, to speak, tá fios a bhéasa, a labhartha, aige.
To speak with full knowledge of the facts, labhairt agus iomlán an scéil agat.
To speak at some length on sth., roinnt mhaith, ábhar maith, cainte a dhéanamh ar rud.
To speak lightly of sth., labhairt ar nós chuma liom, go neamhthuairimeach, faoi rud.
To speak with a lisp, labhairt go briotach.
To make s.o. speak, a thabhairt ar dhuine labhairt; caint a bhaint as duine; duine a chur ag caint.
May I speak to you as man to man, ar mhiste leat go labhróinn leat ó chroí amach.
Nobody spoke to me, níor labhair aon duine liom.
To speak through the nose, labhairt tríd an tsrón.
Never a one spoke to me, níor labhair a oiread agus duine liom.
If only I could speak to him, dá bhféadfainn labhairt féin leis.
It is not my part to speak about it, ní liomsa labhairt ar chor ar bith air.
I was not permitted to speak, níor tugadh cead cainte dom.
To speak plainly, labhairt go neamhbhalbh.
Speak to the point, cruinnigh do chuid cainte.
To speak in praise of s.o., labhairt ag moladh duine; moladh duine a dhéanamh.
To speak to s.o. privately, labhairt le duine ar fhód ar leith.
He felt prompted to speak, tháinig sé chun an bhéil chuige labhairt.
To speak to the purpose, labhairt le hábhar.
To speak at random, a dtiocfaidh chun an bhéil chugat a rá.
To speak restrainedly, labhair go srianta.
To speak without restraint, scód a ligean le do theanga.
F: To speak in riddles, labhairt go rúnda.
To speak of oneself, labhairt ort féin.
To slur one's words (in speaking), an chaint a chogaint; sciorradh thar na focail.
So to say, so to speak, mar a déarfá.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht