TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
task , s . 1 Tasc m . a Sch : Laisín m , ceacht m -a . b Obair f , dualgas m , saothar m . 2 To take s.o. to task for sth ., casaoid a thabhairt do dhuine mar gheall ar rud . She took him to task for it , d'éiligh sí air mar gheall air .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is about his task , tá sé i gcionn a chuid oibre .
To address oneself to a task , dul i gceann tásca .
I can find no one adequate to the task , níl aon duine agam a thiocfadh aníos leis an tasc .
Arduous task , dualgas deacair .
To assign a task to s.o ., ceann oibre a chur ar dhuine .
To attack a task , dul i gceann oibre, tabhairt faoi obair .
F : (Of pers.) To buckle to a task , dul i gceann oibre go miotalach .
To charge s.o. with a task , ceann oibre a chur ar dhuine ; ceann oibre a chur de chúram ar dhuine .
As a result of the committal of that task to him . .., de bharr an obair sin a chur de chúram air ...
Easy task , obair shaoráideach .
It is an endless task , gnó é nach mbeidh deireadh go deo leis .
He was equal to the task , bhí sé in ann chuig an obair .
This is your task for tomorrow , seo é an cúram a bheidh amárach ort .
To set, put, one's hands to a task , tosú, cromadh, ar obair .
Herculean task , obair fhathaigh .
Human task , obair Chríostúil .
Invidious task , obair gan bhuíochas .
To break the neck of the task , poll a chur san obair .
The task is no easy one , ní haon dóithín é mar chúram ; ní haon obair gan dua é .
Noisome task , obair ghránna .
Prescribed task , obair ordaithe ; obair cheaptha .
He proved unequal to his task , ní raibh sé inchurtha leis an obair .
To return to a task , dul ar ais chun oibre ; cromadh ar an obair arís .
To scuffle through a task , sórt déanaimh a thabhairt ar obair, obair a dhéanamh go sleamchúiseach .
Everyone has his own set task , cuirtear obair áirithe ar gach duine .
To stick at a task for six hours , fanacht i gceann oibre gan stad ar feadh sé huaire an chloig .
He dealt successfully with the task , d'éirigh leis an obair a chur i gcrích go maith .
A thankless task , mórán dua ar bheagán buíochais, cúram gan chúiteamh .
To tie s.o. down to a task , cúram a cheangal ar dhuine .
The task is too much for me , tá an obair sin róthrom agamsa .
To trust s.o. with the task , obair a chur i gcúram duine .
To be unequal to the task , gan a bheith in ann, in inmhe, chuig an obair .