Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bruth · cruth · gruth · ruth · sruth
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh truth »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
truth, s. Fírinne f. The truth (of the matter) is, to tell the truth, I forgot it, an fhírinne choíche, séard a rinne mé dearmad de. Truth to say, truth to tell, A: in truth, of a truth, déanta na fírinne, leis an bhfírinne a rá. To keep to the truth, fanacht i mbun na fírinne. The plain truth, lomchlár m na fírinne. There is some truth in what you say, tá cuid den fhírinne ansin agat. Truth will out, ní féidir an fhírinne a cheilt. To tell s.o. some home truths, fios a thréithe a thabhairt do dhuine.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Statement in accordance with truth, caint ag cur leis an bhfírinne.
Admitted truth, fírinne f nach séantar.
Allow me to tell you the truth, éist leis an bhfírinne uaimse.
v.i.It approximates to the truth, tá sé ag teacht cóngarach don fhírinne.
Approximation to the truth, (scéal) atá cóngarach don fhírinne.
To assent to the truth of sth., fírinne scéil a admháil.
Assuming the truth of the story, ag cur i gcás gur fíor é.
He blundered upon the truth, tháinig sé ar an bhfírinne de thaisme.
Statement bordering on truth, scéal nach bhfuil i bhfad ón bhfírinne.
The truth burst (in) upon me, ar iompú do bhoise thuigeas fírinne an scéil.
To camouflage the truth, an fhírinne a chur as a riocht.
The truth dawned on him, nocht an fhírinne í féin chuige.
That is diametrically opposed to the truth, tá sin bunoscionn ar fad leis an bhfírinne.
To drag the truth out of s.o., iallach a chur ar dhuine an fhírinne a insint.
To close one's ears to the truth, cluas bhodhar a thabhairt don fhírinne.
Evident truth, fírinne fhollasach.
She shuts her eyes to the truth, ní chreideann sí an fhírinne féin.
To distinguish truth from falsehood, an fhírinne a scagadh ón mbréag.
To put a gloss on the truth, craiceann a chur ar an bhfírinne; an fhírinne a chur as a riocht.
The gospel truth, lomchlár na fírinne.
The honest truth, an fhírinne ghlan.
To ignore the truth, gan aird a thabhairt ar an bhfírinne; súil a dhúnadh ar an bhfírinne.
Truth of infinite importance, fírinne atá thar a bheith tábhachtach.
There is not a jot of truth in it, níl ruainne den fhírinne ann.
It bears the mark of truth, tá lorg na fírinne air.
The naked truth, an fhírinne lom; lomchlár na fírinne.
Nothing but the truth, an fhírinne lom.
Obverse of a truth, taobh eile d'fhírinne.
It is based on the truth, tá bunús fírinne leis.
There is not a particle of truth in it, níl fírinne dá laghad ann.
All people who have respect for the truth, gach duine a bhfuil beann aige ar an bhfírinne.
Permit me to tell you the truth, i gcead duit, mura miste leat é, inseoidh mise an fhírinne duit.
A perversion of the truth, claonadh ar an bhfírinne; cur m na fírinne as a riocht.
Plain truth, an fhírinne lom.
The pure and simple truth, lomchlár m na fírinne.
Some day the truth will be revealed, nochtfar an fhírinne lá éigin.
There's not a scintilla of truth in it, níl focal fírinne ann.
To screw the truth, money, out of s.o., an fhírinne, airgead, a fháscadh as duine.
To search after truth, an fhírinne a thóraíocht.
To separate truth from error, an fhírinne a scagadh ón mbréag.
It is the solemn truth, mo leabhar gur fíor é.
It sounds like the truth, tá craiceann na fírinne air.
To speak the truth, an fhírinne a dhéanamh.
I can speak to the truth of it, is fianaise mé féin leis.
Nothing stings like the truth, bíonn an fhírinne searbh.
To stretch the truth, áibhéil a dhéanamh.
Substratum of truth, dúshraith fírinne.
Suffer me to tell you the truth, lig dom an fhírinne a rá leat.
To tamper with the truth, an fhírinne a chur as a riocht.
To tell a lie, the truth, bréag, an fhírinne, a dhéanamh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht