maidin, f. (gs. ~e, pl. ~eacha). Morning. 1. ~ gheimhridh, earraigh, a winter, spring, morning. ~ Domhnaigh, a Sunday morning. Ar ~ inné, yesterday morning. Éirí ar ~, to get up in the morning. An chéad rud ar ~, first thing in the morning. D’imigh sé ar ~, he left in the morning, this morning. Rachaidh mé leat ar ~, I will go with you in the morning, tomorrow morning. Phósfadh sí ar ~ é, she would marry him in the morning, at any time. Ó mhaidin go hoíche, from morning till night, all day long. Tá siad anseo ó mhaidin, they are here since morning. Suí go ~, to sit till morning, all night. Seo libh go ~ é, let us make a night of it. Tá sé ina mhaidin, it is morning, dawn. Faoi mhaidin, by, before, morning. Urnaí na ~e, morning prayer. Obair na ~e, the morning’s work. Níl bainne na ~e againn, we have no milk for the morning. S.a. creach13, scread11. 2. (Used adverbially) ~ amháin (le déanaí), one morning (of late). (Ar) ~ lá arna mhárach, on the following morning. Tháinig sé (ar) ~ Dé Luain, he came on Monday morning. Casadh orm í ~ Lae Bealtaine, I met her on May-Day morning.