game1, s.1aSpórt m, seó m, siamsa m. To make game of s.o., beithé m a dhéanamh de dhuine. bCluiche m. Game of skill, of chance, cluiche clisteachta, áidh. Out-door games, cluichí faoin aer. Sch: Games master, máistir cluichí. Olympic games, cluichí Oilimpeacha. F: It's all in the game, caithfear teacht leis an saol; sin é cor an tsaoil agat. cTo play a good game, bheith cliste san imirt. To play the game, (i) imirt go macánta; (ii) an gnó a dhéanamh go hionraic. That's not playing the game, níl cothrom na Féinne ansin. To play s.o.'s game, oibriú as láimh duine eile. To beat s.o. at his own game, tomhas a láimhe féin a thabhairt do dhuine. Two can play at that game, mar a bheidh tú liom is ea bheadsa leat. He was on his game, bhí sé i dtreo maith imeartha. dWhat's his game?, cad tá ar bun aige?He is at that game for a long time, is fada ar an ealaín sin é. I was watching their little game, bhíos ag faire ar a gcuid cleasaíochta. To spoil s.o.'s game, scéimeanna duine a chur ó rath air. The game's up, tá an cluiche caillte. eCluiche m (cártaí, etc.). To have, play, a game of hurling, cluiche iomána a imirt. How goes the game?, cad é an saghas an cluiche? cén bhail atá ar an gcluiche?I am game, tá an cluiche liom. The odd game, the deciding game, cluiche na fola. Ten: Game, set and match, cluiche, cor agus comórtas. F: He had, held, the game in his hands, bhí an cluiche ina dhorn aige. He lost the game, cuireadh an báire air. 2aGéim m, seilg f. Big-game hunting, seilg ainmhithe móra. Small game, mionseilg f. He is fair game, is maith an marc é. bCu: Géim m. Game pie, pióg ghéim.
game2 .1v.i.Imrím (airgead). 2v.tr.To game away a fortune, saibhreas a scaipeadh le himirt.
game3, a.Géimiúil, spleodrach.He is game for a fight, tá goile aige don troid. He is game for anything, níl aon ní róthe ná róthrom dó. He died game, d'éag sé go misniúil.
game4, a.Game arm, lámh chraptha. Game leg, cos bhacach.