tar1, v.i. (pres. tagann, tig, p. tháinig, p. aut. thángthas, fut. tiocfaidh, vn. teacht, pp. tagtha). Come. 1. Approach, arrive; move, travel, towards. Teacht abhaile, to come home. Tá siad ag teacht anseo, they are coming here. Ag teacht isteach sa chistin, coming into the kitchen. ~ i leith, come here. Táimid ag teacht in aice leis an áit, we are coming near the place. Nuair a thiocfaidh tú ar amharc an tí, when you come within sight of the house. Thángamar turas fada, we came a long journey. Thiocfainn céad míle go bhfeicfinn an cluiche sin, I would come a hundred miles to see that match. 2. Come along, proceed. ~ an bealach seo, come this way. Tháinig sé an t-aicearra de rúid, he came dashing along the short-cut. An dtiocfaidh tú chuig an damhsa linn? Will you come to the dance with us? ~ go socair timpeall an chúinne, come easy round the corner. 3. (Of time, events) Arrive, come about, happen. Tá an samhradh ag teacht, summer is coming. Nuair a bhí an oíche ag teacht, when night was coming on. Dá dtiocfadh an aimsir mhaith, if the good weather would come. Ó tháinig an bhliain, since the year began. Nuair a thiocfaidh an t-am, when the time comes. Tiocfaidh an uair agus an ócáid, the hour and the occasion will arise. Má thagann an taisme, if an accident should happen. An rud atá le teacht, what is to come; what is in store. Tháinig a lá, his day came. Tiocfaidh sé luath go leor, it will come soon enough. S.a. imigh 9. 4. Come into existence. Tháinig an Slánaitheoir, the Saviour came. Nuair a tháinig Réabhlóid na Rúise, when the Russian Revolution came. Sin mar a tháinig an Stát, that is how the State came into being. Ó tháinig a gclann, since their children were born. A dtáinig is a dtiocfaidh, all who were or will be. 5. Come forth, issue, spring, appear. Tháinig an síol, the seed sprouted. Tá an geamhar ag teacht, the braird is springing. Tiocfaidh an duilliúr agus ansin an bláth, the leaves will appear and then the flowers. Tháinig an fhuil ina scairdeanna, the blood gushed out. Bhí na deora ag teacht, the tears were beginning to flow. Cas an scriú ar clé agus tiocfaidh sé, turn the screw to the left and it will come out. 6. Return. Ní raibh sé i bhfad amuigh nuair a tháinig sé leis an dea-scéala, he was not long gone until he came back with the good news. Ní thiocfaidh an saol sin arís, those times will not come again. 7. Survive, recover. Bhí sí ar leaba an bháis, ach tháinig sí, she was on her death-bed, but she survived. Ní raibh ann ach ~ nó imigh aige, it was touch and go with him. Bádh eisean is tháinig mise, he drowned and I survived. S.a. caol29, slán21. 8. Reach. Bhí an t-uisce ag teacht os cionn na carraige, the water was rising over the top of the rock. 9. Come to pass. Tháinig tairngreacht Cholm Cille, Colmcille’s prophecy was fulfilled. 10. Fall due. Nuair a tháinig an cairde, when the time of respite expired. 11. Come to parturition. Tháinig an bhó, the cow calved.