ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Accession to manhood, teacht m in aois fir.
According to age, height, de réir aoise, airde.
Advancing in age, ag dul anonn in aois.
The afflictions of old age, leatrom m na haoise.
Of uncertain age, idir an dá aois.
What age are you? cá haois thú? cén aois thú?
At his age, san aois a bhfuil sé.
To be under age, bheith faoin aois.
To be of (full) age, bheith in aois fir (mná).
Coming of age, teacht in aois (fir, mná).
To be over age (to do sth.), bheith thar an aois.
He is of age to marry, tá aois a phósta aige.
He does not look his age, níl a aois le haithint air.
She might be of any age, ní bheadh a fhios ag duine cá haois í.
From age to age, ó aois go haois.
He is ageing, tá an aois ag luí air; tá an seanduine ag teacht air.
I found him greatly aged, chonacthas dom go raibh an aois tite go mór air.
As he grew older, de réir mar bhí sé ag dul in aois.
Such amusements do not belong to his age, níl a leithéidí sin do chaitheamh aimsire ag cur lena aois.
He became bent (with age), chrom sé (leis an aois).
From a child . . ., ó aois linbh anuas.
He is in his second childhood, tá sé san aois leanbaí.
The close of her life, earr m a haoise.
To come to years of discretion, teacht go haois na céille.
Considering his age, agus an aois atá aige.
Church dating from, dating back to, the XIIIth century, eaglais atá ann ón XIIIú haois.
Difference in age, aga f aoise (idir).
To come to years of discretion, teacht in aois na tuisceana, na céille.
From the twelfth century downwards, ón dara haois déag anuas, i leith.
Early age, aois bheag; aois linbh.
At an early age, in aois linbh, go hóg; go luath (ina shaol).
As early as the tenth century, chomh fada siar leis an deichiú haois.
To die early, bás a fháil go hóg, roimh aois.
Obey your elders, tabhair modh don aois.
Man's estate, (in) aois fir, inmhe fir.
In extreme old age, in earr (a) aoise.
Youth will have its fling, ní thagann ciall roimh aois; ní mór cead radta don óige.
He is big for his age, tá sé mór ina aois.
Age has furrowed his face, tá a aghaidh treafa ag an aois.
He is getting on (in years), tá tonn mhaith aoise aige; tá sé ag dul anonn sna blianta.
Promotion goes by seniority, de réir aoise a thugtar ardú céime.
He reached a great age, fuair sé aois mhór.
The Heroic Age, aois na laoch; ré an laochais.
How old are you? cén aois thú?
You ought to know better at your age, ba chóir go mbeadh a athrach de chiall agat san aois ina bhfuil tú.
All his life, ó aois go bás.
Age limit, teorainn aoise.
He looks young for his age, tá cuma na hóige air dá aois.