Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: eight · figh · fighe · fighte · flight
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh fight »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fight1, s. 1 a Troid f, comhrac m. Sham fight, comhrac bréige. b Box: Comhrac m. Hand-to-hand fight, gráscar m lámh. Fight to the death, comhrac go himirt anama. Free fight, gráscar, rúscadh m. 2 a Imreas m, troid f. To carry on a stubborn fight against s.o., troid fhada righin a dhéanamh le duine. b He showed fight, bhí cuil troda air. Sp: etc: To put up a good fight, an fód a sheasamh go maith. There was no fight left in him, thréig an misneach é.
fight2 . 1 v.i. Troidim, comhraicim. To fight against disease, troid in aghaidh an ghalair. Two dogs fighting over a bone, dhá mhadra i gcochall a chéile mar gheall ar chnámh. F: To fight with the gloves off, troid dháiríre a dhéanamh. To fight fair, cath cothrom a thabhairt. They began to fight, d'ionsaíodar a chéile, chromadar ar throid. To fight a battle, cath a thabhairt. He fought his way (out), ghearr sé bealach roimhe amach le teann troda. To fight an action (at law), cúis dlí a chosaint. 2 v.tr. a Troidim (duine). To fight a fire, féachaint le tine a mhúchadh. b To fight the ships (in battle), na longa a ionramháil i gcath.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To fight against s.o., troid le duine.
They fought man against man, throid siad fear san fhear.
To fight a battle, cath a chur, a throid.
F: To fight s.o.'s battles, an troid a dhéanamh do dhuine.
To challenge s.o. to fight, troid a chur ar dhuine; cuireadh chun comhraic a thabhairt do duine.
He continued fighting until. . ., throid sé leis go dtí . . .
They fought on equal terms, b’ionann deis dóibh agus iad ag troid le chéile.
Faction fighting, faicseanaíocht f.
I was trying to fight off a cold, bhí mé ag iarraidh gan ligean don slaghdán greim a fháil orm.
They fought off the enemy, chuireadar díobh an namhaid, thiomáineadar an namhaid ar gcúl.
To fight it out, é a throid go deireadh.
Fighting men, fir mpl troda.
Fighting forces, fórsaí mpl troda.
Close fighting, garchomhrac m, comhrac bonn le bonn.
Fighting line, líne f troda.
There is just a fighting chance for his recovery, níl ach caolseans go dtiocfaidh sé as.
He lives like a fighting-cock, tá saol na bhfuíoll aige.
To fight (it out) to a finish, rud a throid go bun an angair.
To fight with one's fists, dornáil f; troid leis na doirne.
He is game for a fight, tá goile aige don troid.
Hand-to-hand fight, gráscar m lámh.
Hard fight, troid chrua.
Hard-fought battle, cath crua géar.
He rushed headlong into the fight, chaith sé é féin ceann ar aghaidh isteach sa racán.
To involve s.o. in a fight, troid a tharraingt ar dhuine.
He kept out of the fight, d'fhan sé glan ar an troid.
(i) To fight with no less daring than skill, troid go cliste agus go cróga chomh maith céanna.
To fight with naked fists, troid le doirne teo.
Come now, stop fighting, seo anois, stadadh an troid agaibh.
He is fighting against great odds, tá sé ag snámh in aghaidh an tsrutha, in aghaidh na tuile.
This perpetual fighting, an síorachrann seo.
In the press of the fight, i gcroílár an ghriolsa.
To keep up a running fight, (i) troid agus tú ag teitheadh (ii) Navy: troid reatha a chothú.
Mil: Sham fight, cath m bréige.
To fight shy of sth., fanacht amach ó rud; bheith ag doicheall roimh rud.
F: He was spoiling for a fight, bhí cuthach troda air.
Stand-up fight, troid chothrom.
To fight with cold steel, troid le lanna loma.
Pol: Straight fight, coimhlint bheirte.
It is because of this that they fought, (is) mar gheall air seo a throid siad.
In the thick of the fight, i gceartlár na bruíne.
To fight man to man, a bheith ag troid fear ar an bhfear.
To fight tooth and nail, troid go nimhneach.
Ship in fighting trim, bád i bhfearas chun cogaidh.
To fight with s.o., troid le duine.
To fight with knives, troid le sceana.
We got the worst of it (in a fight), rugadh bua orainn.
To fight with zest, troid le lonn chatha.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht