Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: do away · get away · away · Galway · gangway
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh go away »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
go away, v.i. a Imím. He went away on business, d'imigh sé ó bhaile ar chúrsaí gnóthaí. Go away! fág an áit! b He went away with the money, scuab sé leis leis an airgead; d'ardaigh sé an t-airgead chun siúil.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He went away, d'imigh sé, d'imigh sé leis.
Before going away, he said . . ., roimh imeacht dó, sular imigh sé, dúirt sé ...
He is bent on going away, tá rún daingean imeachta aige.
It is better to go away than stay, is fearr imeacht ná fanacht.
There is nothing for it but to go away, níl le déanamh ach imeacht.
He went away crestfallen, d'imigh sé agus a chleití síos leis.
She went away with her head down, d'imigh sí agus a ceann fúithi.
F: To go empty away, imeacht agus an dá láimh chomh fada le chéile.
The best plan will be for you to go away for a time, ní fearr rud a dhéanfá ná an áit a fhágáil go ceann tamaill.
I hate his going so far away, is mairg liom a imeacht an fad sin ó bhaile.
Go away, you're a nuisance, tóg ort, níl ionat ach boboró; buail as sin, tá tú ag déanamh ceataí dhom.
I am going there right away, beidh mé ag dul ann ar an bpointe.
When I am away things go on just the same, nuair a bhím as baile téann gach sórt ar aghaidh mar a théadh ariamh.
I went away none too soon, níor mhór dhom a luaithe a d'imigh mé.
He went away supposedly to fetch help, d'imigh sé leis, i leith agus gur ar thóir cabhrach a bhí sé.
I told him not to go away, d'iarr mé air, dúirt mé leis, gan imeacht.
I gave him sixpence to go away, thug mé réal dó as imeacht.
The man who went, did not go away, an fear a d'imigh, nár imigh.
With these words he went away, nuair a dúirt sé sin, d'imigh sé.
Away with you! get you gone! gread leat! greadaigí libh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht