place1, s.1aÁit f, ionad m. He came to the place, tháinig sé chun na háite. A native of the place, duine de thógáil na háite; duine as an áit. Fortified place, bailephort m; ionad cosanta. Place of refuge, dídean f. A small country place, ruta beag tuaithe. From place to place, ó áit go háit. All over the place, ar fud an bhaill; ar fud na bhfudanna. This is no place for me, ní háit buaile ná seanbhaile domsa an áit seo. S.a. HOME I. 1bPlace of amusement, ionad m siamsa. Place of worship, teach adhartha. Place of residence, áit chónaithe. He was at our place last evening, bhí sé againne tráthnóna aréir. In high places, i measc na n-uasal. c(In street names) Plás m. dMarket place, faiche f, láthair f, an mhargaidh. 2To put sth. back in its place, rud a fhágáil ar ais ina ionad féin. To lay a place for s.o. (at table), áit a shocrú do dhuine (ag an mbord). To change places with s.o., malairt áite a dhéanamh le duine. If I were in your place, dá mba mise tusa; dá mbeinnse i do bhróga. In (the) place of . . ., in ionad . . . Out of (its) place, as ionad. Everything in its own place, gach rud ina alt féin. Remark out of place, focal míthráthúil. To take place, tarlú; a bheith ann. The marriage will not take place, ní bheidh an pósadh ann. While this was taking place, agus é seo ar siúl. 3aTo attain to a high place, ionad ard a bhaint amach. To put s.o. in his place, duine a chur ina chónaí. To keep one's place, fios do bhéasa a bheith agat. In the first place, ar an gcéad ásc; ar an gcéad dul síos. In the next place . . ., agus ansin . . . Rac: To back a horse for a place, geall a chur ar áit. bMth: (Of decimals) Ionad (deachúil). 4Post m. To take, fill, s.o.'s place, dul in áit duine. It is not my place to do it, ní agamsa atá a dhéanamh. 5aBall m. Weak place in a beam, ball lag i maide. bTo laugh at the right place, gáire a dhéanamh ina am féin.
place2, v.tr.1Leagaim, suím, cuirim. aTo place a board edgeways, clár a chur ar a chorr. To be awkwardly placed, bheith idir dhá thine Bhealtaine. The house is well placed, tá suíomh deas ar an teach. bHe has placed a book with a publisher, tá leabhar glactha ag foilsitheoir uaidh. Com: Difficult to place, deacair a dhíol. cTo place a matter in s.o.'s hands, duine a chur i gcúram gnó; gnó a chur de chúram ar dhuine. To place an order (for goods), ordú a chur isteach ar earraí. To place a child under s.o.'s care, páiste a fhágáil faoi chúram duine. S.a. CONTRACT1 1. dRugby: To place a goal, báire a chur ó chic shuite. 2To place s.o., duine a chur sa chéad (dara, etc.) (h)áit. To be well placed (on class list), áit ard a bhaint amach (sa rang). Sp: To be placed third, bheith sa tríú háit. 3F: I can't place you, dheamhan a n-aithním díot.