Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: embark · mark · rear · rearm · remake
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh remark » agus re-mark »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
remark1, s. 1 Suntas m. Things worthy of remark, cuid f suntais. 2 Focal m, taerthó m. To make a remark, focal a rá, caint a chaitheamh. To venture a remark, focailín a chur isteach. After some preliminary remarks, tar éis an ceann a bhaint den scéal. F: To pass remarks upon s.o. caidéis a fháil do dhuine.
remark2 . 1 v.tr. a Sonraím, tógaim ceann de (rud), tugaim (rud) faoi deara. b It may be remarked that..., is féidir a rá... 2 v.i. Caintím(on, ar). I remarked upon it to my neighbour, tharraing mé anuas chuig mo chomharsa é. You remember that I remarked on it, is cuimhin leat gur chaintigh mé air.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
His remarks were aimed at me, chugamsa a bhí sé ag caitheamh.
His remarks were very appropriate, fuair sé le rá é.
I paid no attention to the remarks, scaoileas an chaint thar mo chluasa.
A careless remark, sciorradh m focail.
(i) F: He came out with a strange remark, sciorr focal aisteach uaidh; chaith sé caint aisteach.
This remark cut him to the quick, chuaigh an sáiteán sin sa bheo aige.
Cutting remark, focal géar.
A remark dropped from him, sciorr focal uaidh.
This remark evoked a smile, bhain an ciúta seo gáire amach.
I failed to hear that remark, d'imigh sin uaim.
Fitting remark, focal tráthúil.
Remarks fraught with malice, caint mhailíseach, caint ghangaideach.
Inane remark, focal seafóideach.
This remark is intended for you, chugatsa an chaint seo.
After a few introductory remarks, tar éis an ceann a bhaint den scéal.
To make irrelevant remarks, rudaí a rá nach bhfuil baint acu leis an scéal.
A just remark, focal céillí, stuama.
This remark led to a breach, tharraing an chaint sin achrann.
Remarks which are not material to the point in question, cainteanna nach mbainfeadh le hábhar.
My remark was not meant for you, ní chugatsa a bhí mé.
He was nettled by this remark, chuir an chaint seo mothú feirge ann.
To pass remarks on s.o., rudaí a rá i dtaobh duine.
Passing remark, slamfhocal m.
Don't take that remark personally, ná síl gur chugat féin an chaint sin.
Remark out of place, focal míthráthúil.
Your remark is not to the point, ní bhaineann do chuid cainte leis an scéal dubh ná dath.
Precursory remarks, cainteanna fpl roimh ré, focail mpl tosaigh.
After a few preliminary remarks, tar éis cúpla focal a rá mar bhrollach, mar sheoladh.
Remark out of season, focal míthráthúil.
A senseless remark, focal ramhar, caint gan chiall.
The same remark stands good, is fíor an chaint chéanna sin i gcónaí.
She struck in with the remark that.. ., . . . ar sise, ag cur a teanga sa scéal . . .
Well-timed remark, abairt thráthúil.
Unwarranted remark, focal míchuibhiúil.
Vacuous remark, caint gan aird, gan éifeacht.
Waggish remarks, caint bharrúil.
To withdraw a remark, focal a tharraingt siar.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht