lie1, s.aBréag f, éitheach m. White lie, bréag dhíomhaoin, gan díobháil. It is a pack of lies!níl ann ach an t-éitheach ó thosach deireadh!Whopping lie, fadhbóg f, pait f, gáilleog f. To tell lies, bréaga a insint; bréaga a dhéanamh. To act a lie, bréag a chur i dtuiscint le gníomh. Without a lie, gan gó. bI gave him the lie direct, chasas an t-éitheach lena bhéal leis. To give the proverb the lie, an seanfhocal a shárú.
lie2, v.i.Insím bréag, éitheach(to s.o., do dhuine); déanaim bréag(to s.o., le duine).
lie3, s.1Luí m, suíomh m. Geol: Snáithe m. Lie of the land, luí na talún. Nau: He knew the lie of the coast, bhí luí an chósta ar eolas aige. Civ.E: Lie of the ground, luí m, leagan m, na talún. 2Golf: Ionad m, suíomh m (liathróide). 3Ven: Leaba f (dhearg), gnáthóg f (ainmhí).
lie4, v.tr.1aLuím, sínim. Lie down!luigh fút. To lie on the ground, síneadh ar an talamh. He was lying (helpless) on the ground, bhí sé sínte (faon) ar an talamh. He was lying ill in bed, bhí sé ina luí tinn sa leaba. He lay at the point of death, bhí sé ina luí i dteanna éaga; bhí sé ag saothrú an bháis. To lie dead, bheith sínte marbh. (On gravestone) Here lies . . ., déan trócaire ar . . .; faoin leac seo tá . . . bLuím, fanaim. To lie in bed, fanacht sa leaba. To lie in prison, bheith caite i bpríosún. To lie in ambush, luíochán a dhéanamh. To lie still, fanacht socair. To lie under suspicion, bheith faoi dhrochamhras. Mil: A large force lay to the south of us, bhí slua mór cruinnithe laisteas dínn. 2(Of thg.) Tá (in áit). His clothes were lying on the ground, bhí a chuid éadaí (caite) ar an talamh. The snow lies deep, tá brat trom sneachta ar an talamh. To lie open, bheith ar oscailt, ar leathadh. The obstacles that lie in our way, na constaicí atá sa tslí orainn. Therein lies the danger, ansin atá an chontúirt. Nau: Ship lying at her berth, long feistithe ina háit. (Of money) To lie at the bank, bheith i dtaisce sa bhanc. The snow never lies in that place, ní fhanann aon sneachta ar an talamh san áit sin. S.a. IDLE1 1. Time lies heavy on my hands, téann sé dian orm an aimsir a chaitheamh; is fada liom an lá. The onus of proof lies upon, with, them, orthu sin atá a chruthú. Town lying in a plain, baile atá suite ar mhachaire. His house lies on our way, tá a theach i mbéal an bhóthair romhainn. Nau: The coast lies east and west, soir is anoir atá an cósta sínte. He knows how the coast lies, tá sé eolach ar an gcósta. The island lies to the north, tá an t-oileán ar an taobh ó thuaidh. S.a. LAND1 I. The difference lies in this, that . . ., is é an áit ina bhfuil an difríocht ná . . . The fault lies with you, ortsa atá an locht. As far as in me lies, chomh fada agus atá ar mo chumas. A vast plain lay before us, bhí machaire fairsing sínte romhainn amach. A fine future lies before him, tá saol breá roimhe. Road that lies between two hills, bóthar a ghabhann idir dhá chnoc. Our road lay along the valley, an gleann amach a ghabh ár mbóthar. 3It was decided that the action would not lie, cinneadh nach raibh ábhar cúise ann, nach bhféadfaí an cúisiú a dhéanamh. No appeal lies against this decision, níl dul thar an mbreith seo.