ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He went a long way about, chuir sé timpeall mór air féin.
He brought the law into action, chuir sé an dlí ar siúl.
Aggravating language, caint a chuirfeadh fearg ar dhuine, a chuirfeadh duine thar bharr a chéille.
For all I care, ar scáth a gcuireann sé de bhuaireamh ormsa.
He staked his all, chuir sé a raibh ar an saol aige i ngeall (air).
The alleged thief, an té ar cuireadh an ghadaíocht síos dó, ina leith.
F: Nothing happened to alloy our happiness, níor tharla rud ar bith a chuirfeadh smúit ar ár sonas.
That alters the case, cuireann sin dreach eile ar an scéal; sin scéal eile.
If he has in anywise offended you, má chuir sé fearg ort ar dhóigh ar bith.
For external application, le cur ar an gcneas.
To make approaches to s.o., cur chun tosaigh ar dhuine.
The cat arched its back, chuir an cat cruit air féin.
To attack s.o.'s rights, cur isteach ar cheart duine.
They gave him every attention, chuir siad gach cóir air.
You get his back up, cuireann tú colg air.
Put the clock back, cuir an clog ar gcúl.
Don't call people bad names, na cuir míchlú ar dhaoine.
He recovered his balance, chuir sé é féin ar mheá chothrom arís.
Bathe your face in cold water, cuir uisce fuar ar d'aghaidh.
It was gradually borne in upon him . . ., as a chéile cuireadh ina luí air . . .
F: He turned the house into a bear-garden, chuir sé íochtar an tí ar uachtar; rinne sé cíor thuathail den teach.
You must make the best of what you have, sin cnámh agat agus cuir féin feoil air.
I'll bet ten to one that . . ., cuirfidh mé deich gcinn ar an gceann go ...
He bled himself white to pay, chuir sé é féin ar a chorr á íoc; lom sé é féin go cnámh á íoc.
(Of pers.) He blew at his fingers, chuir sé séideog ar a mhéara.
Allow it to boil slowly, cuir ar suanbhruith é.
F: He talks like a book, cuireann sé culaith ghaisce ar a chuid cainte.
He braced himself (up) to do it, chuir sé cuil air féin chun a dhéanta.
To break in (up)on s.o., cur isteach ar dhuine.
v.i.He bridled up, (i) chuir sé stiúir air féin; (ii) chuir sé cuil air féin, tháinig stuaic air.
The dog bristled his hair, chuir an madra colg air féin.
He buried his face in his hands, chuir sé a dhá bhois ar a aghaidh.
(With gerund) By doing that you will offend him, má dhéanann tú sin cuirfidh tú fearg air.
News calculated to astonish him, scéal a chuirfeadh iontas air.
He laid his cards on the table, chuir sé an t-iomlán amach ar a bhois.
He carried his point, chuir sé a intinn féin ar an scéal i gcion.
To cause s.o. to do sth., cur faoi deara do dhuine, tabhairt ar dhuine, rud a dhéanamh.
Charge it on the bill, cuir ar an leabhar é.
He threw out his chest. chuir sé ucht air féin, righ sé a ucht.
He made a wide circuit, chuir sé an-timpeall, cor mór bealaigh, air féin.
Mil: He was clicked for a fatigue, cuireadh ar dualgas giotamála é.
He put on, took off, his clothes, chuir sé air, bhain sé dhe, a chuid éadaigh.
He cocked his hat, (i) chuir sé a hata ar leathstuaic air féin; (ii) chuir sé feirc ina hata.
He gave a false colour to the facts, chuir sé cor an fhocail ar an scéal; chuir sé a chraiceann féin ar an scéal.
When she came to know him, nuair a chuir sí aithne cheart air.
(Of news, etc.) It is common talk, tá an saol mór ag cur síos air.
He put on his company manners, chuir sé gothaí galánta air féin.
He signed it under compulsion, cuireadh d'iallach air é a shíniú.
To contest a seat in parliament, cur isteach, dul san iomaíocht, ar shuíochán sa phairlimint.
To contest for a prize, cur isteach ar, dul san iomaíocht ar, dhuais.