TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
enough . 1 a . & s . Dóthain f , sá f . Enough money, money enough , do (a, etc.) dhóthain airgid . I think it enough , ní beag liom é . I've had enough of it , táim dóthanach de, ní beag liom de . That's enough , is leor sin ; ní beag sin! He has more than enough , tá a dhá dhóthain, a dhóthain mhór, aige . Have you enough (flour) for a week , bhfuil díol seachtaine (de phlúr) agat? Enough said! ní beag a bhfuil ráite ; is leor sin . One word was enough to prove that . . ., níor ghá ach, ba leor, an t-aon fhocal amháin chun a dheimhniú go . . . S.a. SPARE2 2. 2 adv . a Good enough , maith go leor, cuíosach maith, réasúnta maith . It's a good enough reason , ní beag de chúis é . b You know well enough what I mean , tuigeann tú go dianmhaith cad chuige a bhfuilim . S.a. SURE 2 c (Disparaging) She sings well enough , níl sí ach maith go leor, cuíosach, réasúnta, chun amhrán a rá . It is well enough in its way, but ..., tá sé ceart go leor ar chuma, ach . . .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The windows do not admit enough air , ní ligeann na fuinneoga go leor aeir isteach .
It is good enough , tá sé maith go leor .
(Of sportsman) He is not class enough , níl sé sách maith .
There is not enough clearance for the boats under the bridge , níl a ndóthain airde sa droichead do na báid .
Curiously enough... , aisteach go leor...
We have just enough to do on , níl againn ach tarraingt ár láimhe .
Early enough , luath go leor .
To ensure s.o. enough to live on , a dhóthain chun maireachtála a chur in áirithe do dhuine .
Funnily enough... , aisteach go leor...
He has enough to keep him going , tá tarraingt a láimhe aige .
I've got enough to go on with , tá an oiread agam agus a dhéanfaidh mo ghnó an turas seo .
There is not enough to go round , níl díol a roinnte ann ; níl cion ranna ann .
This is good enough for me , tá seo maith mo dhóthain .
That's not good enough , (i) ní dhéanfaidh sin cúis in aon chor ; (ii) F : tá sin ag dul thar fóir ; tá sin gan aon dealramh .
Will you be good enough to come , ar mhiste leat teacht?
It is enough to make your hair stand on end , thógfadh sé an ghruaig de do cheann .
I've only got just enough to live on , níl agam ach ón láimh go dtí an béal ; níl ach tarraingt mo láimhe ar éigean agam .
I know that well enough , is maith atá a fhios sin agam .
F : Like enough, very like; as like as not , de réir dealraimh ; chomh dócha lena athrach .
He earns enough to live upon , saothraíonn sé díol a fhreastail, riar a cháis .
I had only long enough to ..., ní raibh d'uain agam ach . . .
To have enough for one's material needs , riar do cháis a bheith agat .
He has enough to meet his needs , tá riar a cháis aige .
The mere sight of her is enough for me , is leor liom aon amharc amháin uirthi .
That's more than enough for me , tá fuílleach ansin agamsa .
Now this was little enough but ..., más ea níorbh aon ní an méid sin ach . . .
Oddly enough, nobody knows anything about it , an rud is aistí faoi, níl aon eolas ag aon duine faoi .
She is old enough to marry , tá aois a pósta aici .
It is enough to kill one , mharódh sé thú .
That's enough to worry people , chuirfeadh sin féin imní ar dhuine .
Plenty big enough , fuílleach mór .
Quite enough for you , do dhóthain go maith .
We had enough to meet our requirements , bhí díol ár bhfreastail againn .
He is coming right enough , tá sé ag teacht gan amhras ar bith .
There is not enough to go round , níl riar an iomláin ann .
He has enough and to spare , tá tuilleadh agus a shá aige ; tá a dhóthain go rábach aige .
He is strong enough to overthrow you , tá sé in acmhainn thú a threascairt .
Sure enough, he was there , bhí sé ann ceart go leor .
He will come sure enough , cuirfidh mé geall go dtiocfaidh sé .
Sure enough! ceart go leor! mise i mbannaí! siúráilte! gan amhras!
Enough to sustain life , an oiread agus a choinneodh an dé i nduine .
It's enough to make a saint swear , bhainfeadh sé a gciall de na haingil .
She is old enough to marry, to go to school , tá aois a pósta aici, tá sí in aois scoile .
He was unkind enough to refuse , bhí sé de neamhcharthanacht ann gur dhiúltaigh sé .
I was not away long enough to get a welcome on my return , ní raibh mé fad na fáilte amuigh .
He is well enough off , tá riar a riachtanais aige .