find1, s.1Fionnachtain f -ana; fríth m. 2Éadáil f, amhantar m.
find2, v.tr.Faighim.1aFaighim. It is found everywhere, faightear i ngach áit é. He found some difficulty in doing it, chuaigh sé roinnt deacair air, leis, é a dhéanamh. bLeave it as you found it, fág é mar a fuairis romhat é. I found nobody at home, ní raibh aon duine istigh romham. I found myself crying, bhris an gol orm gan fhios dom féin. 2(By searching) Faighim, aimsím. aThe (lost) key was found, fuarthas, thángthas ar, an eochair (a bhí caillte). To try to find something, rud a chuardach. I managed to find the house, d'éirigh liom an teach a fháil. I went to find a doctor, chuas ag lorg dochtúra. He is not to be found, níl aon fháil air. To find a leak in a pipe, an áit ina bhfuil píopa ag ligean a aimsiú. He found his way home, mheabhraigh sé a bhealach abhaile. I can't find time to . .., níl aon aga agam chun . . ., ní féidir liom faill a fháil chun... To find courage to do sth., é a bheith de mhisneach agat rud a dhéanamh. I could not find it in my heart to do it, ní ligfeadh mo chroí dhom é a dhéanamh. To find oneself, tú féin a thuiscint. bAbs.Ven: To find, dúisím seilg. 3a(Perceive, establish a fact) I find that I was mistaken, aithním go raibh dearmad orm. It has been found that . . ., tá faighte amach go . . . I found she had left the house, fuaireas go raibh an teach fágtha aici. I found myself growing tired, d'airíos mé féin ag éirí tuirseach. I find it is time to go, tugaim faoi deara go bhfuil sé in am imeachta. This letter, I find, arrived yesterday, feicim gur inné a tháinig an litir seo. bThey will find it easy, tiocfaidh sé go bog leo. I find it impossible to read it, téann díom é a léamh. I find it difficult to come in the morning, is deacair dom teacht ar maidin. I find his conversation difficult, is deacair liom a chuid cainte. I find it does not pay, is é m'aithne air nach mbíonn aon rath air. I find him undependable, an taithí atá agamsa air nach féidir bheith ag brath air. 4Jur: aTo find s.o. guilty, breith chiontach a thabhairt ar dhuine. The judge found him guilty, thug an breitheamh ciontach é. bTugaim breith. To find for s.o., breith a thabhairt i bhfabhar duine. 5aTo find the money for an undertaking, airgead a sholáthar, a chur ar fáil, do ghnó (áirithe). bWages £20 all found, tuarastal £20 agus cothú. To find oneself, soláthar duit féin. He finds himself in clothes, air féin atá ceannach a chuid éadaigh.