Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aithin · dithin · Swithin · aithint · bíthin
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh within »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
within. 1 adv. a Istigh, laistigh. Within and without, amuigh agus istigh. To go within, dul isteach. Make me pure within, glan m'anam istigh. b From within, ón taobh istigh. 2 prep. a Taobh istigh de, istigh i. Within four walls, faoi iamh ceithre ballaí. Within the boundary, taobh istigh den teorainn. A voice within me said . . ., labhair an glór i mo chroí agus dúirt . . . Within the committee, i measc an choiste. b (Not beyond) To keep within the law, fanacht ar scáth an dlí. Within the meaning of the Act, faoi bhrí an Achta. To live within one's means, fuineadh de réir na mine. To be within the truth, bheith i mbun na fírinne. Within a pound of it, faoi phunt de. c Within sight, ar amharc, i radharc. Within call, faoi fhad scairte. Within two miles of the town, i ngaireacht, i bhfoisceacht, faoi, dhá mhíle don bhaile. Within a radius of ten miles, faoi dheich míle thart timpeall. Within an inch of death, faoi dhubh na hiongan don bhás. d Within a week, faoi cheann seachtaine; roimh sheachtain. Within a year of his death, (i) níos lú ná bliain roimh a bhás; (ii) níos lú ná bliain i ndiaidh a bháis. Within the next five years, as seo go ceann cúig bliana. Within the required time, san, faoin, am achtaithe. Within a short time, (i) gan mhoill, (ii) go gearr ina dhiaidh sin. They are within a month of the same age, tá siad faoi mhí dá chéile. Within living memory, le cuimhne na ndaoine.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: Within an ace of, faoi aon do; faoi orlach do; i bhfoisceacht cnaipe do.
I was within an ace of falling, ní raibh ann ach nár thit mé.
That does not come within my activities, ní de mo chuid oibre é sin; ní bhaineann sin le mo ghnóthaí.
To keep within bounds, fanacht i mbun na measarthachta.
It is within the bounds of probability, tá sé ag cur le cosúlacht. S.a. BREAK2 I. 4.
Within a bowshot of it, faoi urchar saighde de.
To be within call, a bheith faoi fhad scairte (do); a bheith i bhfoisceacht ghlao (do).
Within cannon-shot, i bhfoisceacht urchar gunna mhóir, faoi raon gunna mhóir.
Within the cognizance of a court, faoi údarás na cúirte.
That doesn't come within my duties, níl aon bhaint aige sin le mo chuid dualgas.
Within a cry, i bhfoisceacht béice; faoi fhad scairte.
His heart died within him, rinneadh cnap luaidhe dá chroí.
Within speaking distance, fad éisteachta.
It does not come within my domain, níl aon údarás agam air, níl aon bhaint agam leis.
To keep within doors, fanacht istigh.
Within ear-shot, i raon na gcluas, in éisteacht.
Within easy distance, within easy reach, of the city, i ngar don chathair; aistear beag ón gcathair.
Within, out of, eyeshot, i, as, raon súl.
It falls within article ten, tá sé i gceist in alt a deich.
He had it within his grasp, bhí sé faoina láimh aige,
Within gunshot, i raon urchair.
Within hail of. . ., faoi fhad scairte do. . .
Within hailing distance, faoi fhad scairte.
He went within a hair's-breadth of it, chuaigh sé faoi aon de.
Within hearing, faoi éisteacht; faoi fhad scairte (do dhuine).
'Inquire within', 'gach eolas anseo', 'fiosrúcháin'.
Area within the jurisdiction of . . ., ceantar m faoi dhlínse . . .
It does not come within the jurisdiction of the court, níl ceart breithiúnais ag an gcúirt air.
It does not come within our jurisdiction, níl aon údarás againn air.
To keep the river within its bed, an abhainn a choinneáil isteach.
Within, beyond, my ken, ar, thar, m'eolas.
This is within the knowledge of all, tá a fhios sin ag an saol (mór).
Within a three mile limit, taobh istigh de na trí mhíle.
It is true within limits, tá ábhar den fhírinne ann.
F: Within measurable distance of, faoi chúpla croma de.
Within living memory, le cuimhne na ndaoine.
Nobody comes within miles of him, níl goir ná gaobhar ag aon duine air.
Within a mile of, i bhfoisceacht míle de.
Within the pale of the Church, faoi thearmann na hEaglaise.
Within the agreed period, taobh istigh den am socraithe.
Within pistol-shot, faoi fhad urchar piostail.
Within the range, the bounds, of possibility, má tá i ndán ar chor ar bith gur féidir.
As far as lies within my power, ar feadh mo chumais.
This lies within his powers, tá údarás aige air seo.
F: That is not (within) my province, níl sin ar mo chumhacht.
F: To come within the provisions of the law, teacht faoi chumhacht an dlí.
To lie, come, within the purview of s.o., (i) a bheith i raon na súl ag duine; (ii) a bheith i gcumhachta duine.
Within a radius of three miles, faoi thrí mhíle timpeall.
Within speaking range, i ngaireacht chainte.
Within s.o.'s reach, faoi fhad láimhe do dhuine; i líon duine.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht