dead. Ia.1Marbh. aHe is dead, tá sé marbh, The dead person, an marbh. S.a. SHOE1 1. Dead men tell no tales, ní sceitheann an uaigh a rún. S.a. FLOG. He struck, killed, him stone dead, leag sé mín marbh é. He dropped down dead, thit sí fuar marbh. Dead as a door-nail, as mutton, chomh marbh le hArt. He is dead and gone, dead and buried, tá sé faoin bhfód. He is dead to the world, tá sé ina shámh chodlata. It is dead and done for, tá sé caite i dtraipisí. (Of regulation) It has become a dead letter, tá sé ar ceal, caite i gcártaí. Post: Dead letters, litreacha fáin. b(Méar) mharbh, gan mhothú (ag an bhfuacht). My leg went dead, tháinig eanglach, fuairnimh, i mo chois. 2Dead to honour, gan tuiscint don uaisleacht. Dead to reason, gan aird ar réasún. 3Dead coal, aibhleog dhóite. Dead colour, dath neamhlonrach. Dead sound, torann balbh. Dead well, tobar caoch. El.E: Dead wire, sreang neamhbheo. El: Dead cell, cill neamhbheo. 4Dead season, séasúr m díomhaoin. The dead hours, am marbh na hoíche. The Dead Sea, an Mhuir Mharbh. Dead spring, sprionga marbh. Dead axle, acastóir docht. Fb: Dead ball, liathróid mharbh. 5Dead stop, stad m tobann. Nau: Dead calm, calm téigle. Dead silence, ciúnas na huaighe. Dead secret, fíor-rún. Dead level, díreach ar leibhéal. He came dead on time, tháinig sé ag an am ceart go díreach. Dead loss, caillteanas glan. He is in dead earnest, tá sé lán dáiríre, lomdháiríre. He is a dead shot, níor chaith sé urchar iomraill ariamh, tá an-urchar aige. Golf: (Of ball) The ball is lying dead, tá an liathróid ina stad ar imeall an phoill.II►dead, s.1pl.The dead, na mairbh. He rose from the dead, d'éirigh sé ó mhairbh. 2At dead of night, i marbhán na hoíche, san am mharfach. In the dead of winter, i ndúluachair na bliana.III►dead, adv.aAn- rí-. Dead drunk, ar stealladh meisce. Dead tired, traochta, seangtha. Dead sure, lánchinnte, lándearfa. He is going dead slow, tá sé ag imeacht go rímhall. bHe stopped dead, stop sé ina stangaire. c (Of pers.) He is dead against him, tá sé glan ina choinne. Dead smooth surface, dromchla m ríréidh.