open1, a.Oscailte.1aOpen window, fuinneog oscailte, ar oscailt. To push the door open, an doras a oscailt romhat. Half-open, leathoscailte, faonoscailte. S.a. WIDE OPEN. To keep an open board, riar dá dtiocfadh i do dháil. b(Bosca) oscailte; (buidéal) gan chorc; (beartán) scaoilte. Open grave, uaigh thochailte, bhainte. El: On open circuit, ar neamhchiorcad. To break open a box, bosca a bhriseadh. To cut sth. open, gearradh trí rud; rud a scoradh, a ropadh (le scian, etc.). cOpen to the public, cead isteach ag gach duine. dIn (the) open court, i gcúirt phoiblí. Open trial, triail phoiblí. e(Of posts) Open to all, iniarrtha ag gach aon duine; cead cur isteach ag gach duine. Open race, rás oscailte. fOpen vowel, guta oscailte. 2In the open, in the open air, (amuigh) faoin spéir. In the open sea, ar an bhfairsinge; ar an domhan. To sleep in the open air, codladh amuigh. In the open country, ar an mblár fairsing; amuigh ar an réiteach. 3aOpen carriage, cóiste oscailte. Open boat, bád oscailte. Open light, solas gan scáth. bNau: Open roadstead, ród oscailte. cOpen to every wind, lom le gach uile aird ghaoithe; sceirdiúil. dHe has left himself open to censure, chuir sé é féin ar shlí a cháinte. He has left himself open to ridicule, d'fhág sé ábhar magaidh air féin. It is open to doubt, chuirfeadh duine in amhras é; is cuid amhrais é. eI am open to conviction, is féidir rud a chur ina luí orm. He is not open to advice, ní éistfidh sé le comhairle; tá sé dochomhairlithe. Open to improvement, infheabhsaithe. 4aFollasach, poiblí. Open secret, scéal rúin agus fios ag triúr air. Open letter, litir fhoilsithe (ar pháipéar nuachta). Fact open to all, rud is follasach don saol. bOpen admiration, meas gan cheilt. He is an open enemy of the Government, tá sé ina namhaid ag an Rialtas os comhair an tsaoil. To be open with s.o., bheith díreach le duine; gan a dhath a cheilt ar dhuine. Keep your eyes open!coinnigh do shúile feannta!Mouth wide open with surprise, béal ar leathadh leis an iontas. 5Open wound, cneá oscailte. Shirt open at the neck, léine faoi mhuineál oscailte. 6Open soil, ithir bhriosc scaoilte. Mil: Open order, ord oscailte. Open fence, fál m scagach. Open tissue, uige f scagach. 7aOpen road, bóthar oscailte. Open view, radharc fairsing. Rail: Open signal, comhartha tite. Aut: Open corner, coirnéal oscailte. To keep the bowels open, siúl a choinneáil ar na hinní. Mus: Open string, téad shaor. bTo keep the day open for s.o., an lá a choinneáil faoi réir do dhuine. The job is still open, tá an áit folamh go fóill. Two courses are open to us, tá dhá rogha againn. It is open to you to object, tá cead agat cur ina aghaidh. 8Gan réiteach. Open question, scéal nach bhfuil socair. I have an open mind on it, níl aon intinn déanta agam air; níl claon agam leis ná ina aghaidh. To leave the matter open, an scéal a fhágáil gan socrú. 9Com: Open account, cuntas m ar oscailt. Open credit, creidiúnas gan cheangal. Open cheque, seic gan chrosáil. ►openly, adv.Go hoscailte, go follasach, os coinne cláir; (labhairt) go díreach, go neamhbhalbh. To do sth. openly, rud a dhéanamh os ard.
open2 .Iv.tr.1aosclaím. To half open the door, faonoscailt a thabhairt ar an doras. S.a. DOOR. bBainim an corc as (buidéal), scilim (ruacan, etc.); osclaím (litir); scaoilim (beartán). El: osclaím lasc ar (chiorcad). Med: To open the bowels, siúl a chur ar na hinní. cTo open a new shop, siopa a chur ar bun. To open a road (to traffic), bealach a oscailt (do thrácht). 2Scaraim (mo chosa), osclaím (mo lámh). I have not opened my mouth all day, níor scoilt mé béal ó mhaidin. He opened his eyes with astonishment, leath a shúile le hiontas air. To half open one's eyes, leathoscailt a thabhairt ar do shúile. To open s.o.'s eyes, a shúile a dhéanamh do dhuine. S.a. EYE1 1. 3To open a hole in the wall, poll a bhriseadh ar an mballa. To open a road, bealach a dhéanamh. 4Nochtaim. To open one's mind to s.o., d'intinn a ligean le duine, a nochtadh do dhuine. To open one's heart to s.o., a bhfuil ar do chroí a insint do dhuine. 5Cuirim tús le (cruinniú, díospóireacht). To open a conversation, tús a chur ar chomhrá; an ceann a bhaint den scéal. Com: To open an account in s.o.'s name, cuntas a oscailt in ainm duine. Jur: To open the case, an cás a thionscnamh. Cards: To open clubs, teacht chun cláir le triuf. IIv.i.1aThe door opened, d'oscail an doras. Door that opens into the garden, doras amach chun an ghairdín. Lane that opens into the main road, lána atá ag dul go dtí an bóthar mór. The passage opens on to the street, tabharfaidh an pasáiste amach chun na sráide thú. bThe bank opens at ten, ar a deich a osclaítear an banc. As soon as the season opens, chomh luath is a thosóidh an séasúr. 2a(Of view) Nochtann, leathann. b(Of flower) Spréann. 3Tosaíonn. Play that opens with a brawl, dráma a thosaíonn le babhta achrainn.