Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: déis · dais · deais · deas · deic
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é deis de: deas » · eis »
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It would be a great accommodation to me, ba mhór an deis, an áis, dom é.
Anti-skidding device, deis f frithsciorrach.
On the starboard beam, ar dheis.
Bear to the right, druid ar do dheis.
The road bends to the right, tá an bóthar ag coradh ar dheis.
Now's your chance! anois atá an deis agat!
He has a good chance of doing it, tá an-deis aige é a dhéanamh.
Ship's chandlery, deiseanna fpl long.
Well circumstanced, deisiúil, go maith as, i ndeis mhór.
Poorly circumstanced, ar bheagán deis, ar an gcaolchuid, in anchaoi.
It is a very clever device, deis f intliúil í; is mór an intleacht é. cleverly, adv. Go cliste, etc.
To clutch at every straw, gach uile dheis a thapú.
(At hotel, etc.) Every modern comfort, gach deis nua-aoiseach chun compoirde.
Machine that contains all the latest improvements, inneall a bhfuil gach deis is nua ann.
All modern conveniences, gach deis is nua.
Cunning device, deis f intliúil.
To close the door upon any discussion, deireadh a chur le deis díospóireachta.
Right dress! ó dheis deasaítear!
To edge to(wards) the right, druidim chun na láimhe deise.
He is eloquent, tá deis a labhartha aige.
They fought on equal terms, b’ionann deis dóibh agus iad ag troid le chéile.
Southerly exposure, deis f na gréine.
Mil: Eyes right! dearcaigí faoi dheis!
There are no bathing facilities, níl aon deis snámha ann.
To fence (in) machinery, sciath, deis cosanta, a chur thart ar innealra.
I've fixed him! chuir mise deis air.
Fork right for Dublin, ag an ngabhal lean ar do dheis go Baile Átha Cliath.
To the right in fours!, faoi dheis i bhur gceathrair!
Go while the going is good, bí ag imeacht fad agus tá an deis agat.
He grasped the opportunity, thapaigh sé an deis; rug sé ar an uain ar urla.
He has a happy knack of saying the right thing, tá deis a labhartha aige; tá sé fíorthráthúil ina chaint.
An opportunity not to be missed, deis nár mhór a thapú.
He drew nearer to us, tháinig sé ní ba deise dúinn; dhruid sé inár gcóngar.
My neighbour on the right, an té atá ar thaobh mo láimhe deise.
The carriage next the engine, an cóiste is gaire, is deise, don inneall.
F: The thing next my heart, an rud is deise do mo chroí.
On the right, left, ar dheis, ar clé.
A golden opportunity, deis iontach.
When the opportunity occurs, offers, nuair a thiocfas an fhaill, an deis, an chaoi.
To set one's house in order, (i) deis a chur ar do theach; (ii) caoi cheart a chur ar do chúrsaí féin.
Felicity of phrase, deise f labhartha.
You are in a better position to judge, is fearr an deis atá agatsa breith a thabhairt.
He was precluded from that opportunity, fágadh gan an deis sin é; ceileadh an deis sin air.
A good opportunity presents itself (for doing sth.), tá deis mhaith ann (le rud a dhéanamh).
He did not need much pressing, ní raibh uaidh ach an deis, ach gaoth an fhocail.
To have a ready tongue, deis do labhartha a bheith agat.
In reduced circumstances, anuas i ndeis, bochtaithe anuas.
Riding by the starboard anchor, feistithe as a deis.
On the right, ar deiseal, ar dheis.
To keep to the right, coinneáil ar thaobh na láimhe deise.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht