Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: imigh as · imigh · míghar · iaigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There is a rumour abroad, tá ráfla ag imeacht, ar siúl; tá an scéala amuigh.
He is (all) agog to go, tá sé ar bior ag iarraidh imeacht, tá sé á bheophianadh go n-imeoidh sé.
To go on ahead, imeacht ar dtús.
To gallop away, imeacht ar chosa in airde.
I'll be glad to see his back, beidh áthas orm nuair a fheicfeas mé ag imeacht é.
To go, walk, backwards, imeacht, siúl, ar gcúl.
Am I to leave? bhfuil orm imeacht? an gcaithfidh mé imeacht?
To go on before, imeacht ar tosach.
I am called away on business, tá orm imeacht ar ócáid ghnóthaí.
To crawl on one's hands and knees, imeacht, lámhacán, ar na ceithre boinn.
He escaped with a fright, níor imigh pioc air ach a bhfuair sé de scanradh.
To go express, imeacht ar luas.
For all the use he is he might as well go, ar scáth a bhfuil de mhaith ann bheadh sé chomh maith dhó imeacht.
To go straight forward, imeacht cruinn díreach ar aghaidh.
Ill-gotten gains seldom prosper, an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail imíonn sé ar a bholg.
To go gingerly, imeacht faoi mar a bheifeá ag siúl ar uibheacha.
He was given over to evil courses, bhí sé imithe, ligthe, leis an olc ar fad.
As things are going, ar an gcuma a bhfuil an saol (ag imeacht).
To go the way of all flesh, imeacht ar slí na fírinne, ar an mórshlua.
How did the races go off? cén chaoi ar imigh na rásaí?
I hope he is gone for good, imeacht gan teacht air.
I am in haste to leave, tá deifir ag imeacht orm.
There is nothing for it but to go, níl an dara dóigh air ach imeacht.
(Just) as he was leaving, on leaving, agus é ar tí imeacht
He looks like going, tá cuma air go bhfuil sé ar tí imeacht.
To look back upon the past, súil a chaitheamh ar an saol atá imithe.
This article is not moving, níl aon imeacht ar an earra seo.
He must have missed the train, caithfidh sé gur imigh an traein air.
He needn't go, need he? níl sé d'iallach air imeacht, an bhfuil?
There's no objection to your leaving at once, níl a bhac ort imeacht láithreach.
Th: 'Offers to go', tugann obainn ar imeacht.
To pass (away), imeacht (ar siúl).
To set out in pursuit of s.o., imeacht sa tóir ar dhuine.
To ride on a bicycle, imeacht ar rothar.
To ride a bicycle, imeacht ar rothar; rothar a mharcaíocht.
The ship rides the waves, imíonn an long ar bharr na dtonn.
He roams about the world, bíonn sé ag imeacht roimhe ar fud an domhain.
To rove in every land, imeacht romhat ar fud an domhain.
To rove the streets, imeacht ar fán ar fud na sráideanna.
There is a great run on that book, tá ráchairt mhór, imeacht mór, ar an leabhar sin.
Run along! imigh leat! tóg ort!
He was sauntering down the road, bhí sé ag imeacht leis an bóthar síos, ar a shuaimhneas, ar a bhogstróc.
To scorch along, imeacht sna caorthintí, ar luas lasrach.
To scud away, off, imeacht ar nós na gaoithe.
To set out in pursuit of s.o., imeacht ar thóir duine, dul sa tóir ar dhuine.
So, my dear, I am forced to leave, agus sin é agat é, a chroí, tá orm imeacht liom.
To swagger along, maing an mhustair a bheith ort ag imeacht.
To go full tear, imeacht ar luas na gaoithe.
I told him not to go away, d'iarr mé air, dúirt mé leis, gan imeacht.
She would do anything rather than let him go, dhéanfadh sí rud ar bith ach ligean dó imeacht.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht