Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: instinn · aitinn · cointinn · eitinn · inchinn
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Mental aberration, mearbhall m intinne.
Jur: Able in body and mind, slán i gcorp agus in intinn.
Abstraction of mind, seachrán m intinne.
Acute mind, intinn ghéar, intinn ghrinn.
Adaptable mind, intinn sholúbtha.
To agree with s.o. (about, in, a matter), teacht le duine, bheith ar aon intinn le duine (faoi scéal).
To be agreed (with s.o.) (on, about, sth.), bheith aontaithe, ar aon intinn le duine (faoi rud).
I am in agreement with him, tá mé ar aon intinn, ar aon tuairim, leis.
With the aim of doing sth., le hintinn, le rún, rud a dhéanamh.
He did not apply his mind to it, níor leag sé a intinn air.
He was giving his attention to the work, bhí sé in éadan na hoibre, bhí a intinn leagtha ar an obair aige.
He turned his attention to sth. else, leag sé a intinn ar rud éigin eile.
Mind off its balance, intinn shiabhránach.
He has a well-balanced, ill-balanced mind, tá intinn staidéarach aige, níl aon staidéar ann.
Mind barren of ideas, intinn folamh ó smaointe.
He has it on the brain, níl ar a intinn ach é, tá sé ag luí ar a intinn.
To brand sth. on s.o.'s memory, lorg ruda a fhágáil ar intinn duine.
He carried his point, chuir sé a intinn féin ar an scéal i gcion.
Cast of mind, intinn den chineál sin.
All his thoughts centre on that, níl ar a intinn ach sin; tá sé leata air sin.
Change of mind, malairt f intinne, athintinn f.
To chime in with s.o.'s ideas, a bheith ar aon intinn le duine.
Confused mind, intinn scaipthe.
He kept his (own) counsel, choinnigh sé a intinn aige féin.
He didn't want to declare his hand yet, níor mhaith leis a intinn a nochtadh go fóill.
A delicate wit, intinn chaolchúiseach.
Dense mind, intinn dhúr.
I disagree with you as regards that, ní thagaim leat faoi sin, nílim ar aon intinn leat faoi sin.
He was not able to disguise his opinions, ní raibh sé in ann a intinn a cheilt.
Disorders of the mind, easláinte f intinne.
Distempered mind, intinn mhearaithe.
He is for ever chopping and changing, bíonn sé ag síorathrú (a intinne).
With that exception we are agreed, lasmuigh de sin táimid ar aon intinn.
To do sth. in all good faith, rud a dhéanamh le hintinn mhaith.
The feeling of the meeting, intinn f an chruinnithe.
The thoughts that filled his mind, na smaointe a bhí ag dul trína intinn.
He gave his mind, himself, to learning, dhírigh sé, chrom sé, a intinn go léir ar an léann; chaith sé a shaol go léir leis an léann.
I am going to spend my holidays abroad, tá beartaithe agam, tá ar intinn agam, dul thar sáile ar mo laethanta saoire.
Good feeling, dea-intinn f, dea-rún m.
He has a good head on his shoulders, his head is screwed on the right way, tá cloigeann maith air, tá intinn mhaith chúil aige.
Weak in the head, lag san intinn.
Searchings of the heart, buaireamh m intinne; ciapadh m croí.
High mind, intinn uasal.
I am in complete ignorance of his intentions, tá mé dall ar a bhfuil ar intinn aige.
He is intent on it, tá sé leagtha air, níl ar a intinn ach é.
Mind intent on learning, intinn atá leata ar an bhfoghlaim.
He has an iron will, tá sé chomh daingean (san intinn) le cnoc.
It is late in the day to change your mind, tá sé ródhéanach agat intinn eile a dhéanamh.
He is engrossed in material things, rudaí saolta atá ar a intinn.
He means well, tá an dea-intinn, croí maith, aige.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht