Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: thee · tree · tee · terce · terse
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh three »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
three, 1 num.a. a Trí(lenites initial consonant of sg., prefixes h to vowel of pl.). The three houses, na trí theach, tithe. b Two or three years, a dó nó a trí de bhlianta. c (The) three persons, (an) triúr m. Three women, triúr ban. 2 num.s. a (A) trí. (Counting) Two, three, four, a dó, a trí, a ceathair. Three and one is four, a trí agus a haon (sin) a ceathair. It is three o'clock, tá sé a trí (a chlog). He is three, tá sé trí bliana, tá trí bliana aige. b (Of pers.) Triúr m. They came three by three, tháinig siad ina dtriúr agus ina dtriúr.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Three pence a head, trí phingin an duine.
Three times a week, trí huaire sa tseachtain, in aghaidh na seachtaine.
He came about three o'clock, tháinig sé i dtrátha a trí a chlog.
Three this year as against ten last year, trí cinn i mbliana i gcomórtas le deich gcinn anuraidh.
One, two, three, and away, aon, dó, trí agus imígí!
She bore him three sons, bhí triúr mac aici leis. S.a. BORN.
Cards: He bid three diamonds, ghlaoigh sé trí mhuileata.
Three-bladed propeller, lián trí eiteog.
The table is three feet in breadth, tá an bord trí troithe ar leithead.
Three feet by two, trí troithe ar dhá throigh.
By the clock it is three, tá sé a trí de réir an chloig.
He will be here by three o'clock, beidh sé anseo roimh a trí a chlog.
Call of three diamonds, fógairt trí mhuileata.
F: We'll call it three shillings, déanfaidh muid trí scilling de.
To give three cheers, trí gháir mholta a ligean.
Three cheers for Seán! Dia go deo le Seán!
Jur: Three clear days, trí lá iomlána.
To clear a wall (by three inches), an balla a ghlanadh, a scoitheadh (de thrí horlaí).
For three months to come, go ceann trí mhí.
On three consecutive days, trí lá as a chéile.
Three-cornered, triantánach.
Three-cornered hat, hata trí bheann.
Three months after date, at three months' date, (iníoctha) i gceann trí mhí ón dáta seo.
A two-, three-decked vessel, soitheach dhá bhord, trí bhord.
A three-decker, long trí bhord.
Two-, three-dimensional space, spás déthoiseach, tríthoiseach.
Three miles distant, trí mhíle ó bhaile.
Twelve divides by three, tá dó dhéag inroinnte ar thrí.
To do three miles on foot, dul trí mhíle de shiúl cos.
Three groups of ten men each, trí dhíorma, deichniúr i ngach díorma.
three-engined, trí-inneallach
Every three days, gach trí lá.
Three months exactly, trí mhí go dtí an lá.
Field that feeds three cows, páirc ina bhfuil féar trí bhó.
Three-cornered file, triangular file, líomhán triantánach.
I have not seen him for three years, ní fhaca mé le trí bliana é; tá trí bliana ann ó chonaic mé é.
I have been here for three days, táim anseo le trí lá.
I have been living here for three months, táim trí mhí i mo chónaí anseo.
Three or four years, a trí nó a ceathair de bhlianta.
(Counting) Three, four, five, a trí, a ceathair, a cúig.
I’ll be free at three, beidh mé ar scor ag a trí.
Three generations from prince to peasant, trí ghlúin ó rí go rámhainn.
Cards: To go two, three, a dó, a trí, a ghlaoch.
It is going on for three o'clock, tá sé ag tarraingt ar a trí a chlog.
I give you three guesses, tabharfad trí sheans duit é a chur amach.
Three and a half hours, trí huaire go leith.
Three halfpence, trí leathphingin.
I have lived in London for three years, tá mé i mo chónaí i Londain le trí bliana.
He has three hundred a year, tá trí chéad sa bhliain dó.
The books, three in number, na leabhair, trí cinn acu atá ann.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht