Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: oil · stoil · tail · teil · til
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh toil »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
toil1, s. Saothar m, tiaráil f; sclábhaíocht f. After great toil, le dua agus le hallas.
toil2, v.i. Oibrím go dian; déanaim saothar, tiaráil, sclábhaíocht. To toil and moil, a bheith ag obair agus ag luainn. To toil up a hill, tarraingt go hanróiteach in aghaidh an chnoic; dua an chnoic a fháil.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Toiling and moiling, ag obair agus ag luainn.
He was taken, got caught, in the toils, ceapadh sa dol é.
He was caught in his own toils, bhain sé slat a bhuail é féin.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To come to an accommodation, socrú de thoil a chéile, réiteach a dhéanamh.
He did it of his own accord, rinne sé é dá thoil féin, ar a chonlán féin, uaidh féin.
In accordance with my wish, in aice le mo thoil.
I did it against my will, in éadan mo thola a rinne mé é.
An answer will oblige, freagra le do thoil.
Be so good as to come, tar, le do thoil.
I beg (of) you! le do thoil!
To bend to s.o.'s will, umhlú do thoil duine, géilleadh do dhuine.
Your wishes have been complied with, rinneadh de réir do thola.
Conformably to . . ., de réir (do thola, etc.).
F: Please crush up a little, conlaigh chugat ansin le do thoil.
Since you desire it, os toil leat é.
May I open these letters? -- Please do, an osclóidh mé na litreacha seo? -- Oscail, le do thoil.
To enforce your will on s.o., do thoil a imirt, a chur i gcion, ar dhuine.
Your every wish, gach is toil leat.
A house after my fancy, teach chun mo thola.
We must let her marry according to her fancy, caithfimid ligean di pósadh de réir a tola féin.
He is a fluent speaker of Irish, tá an Ghaeilge ar a thoil aige, ar a chomhairle féin aige.
By sheer force of will, le haonchorp tola.
'To be forwarded', 'please forward', 'ar aghaidh, le do thoil'.
I have a free hand, táim ar mo chomhairle féin, ar mo thoil féin; tá cead fara agus fré agam.
I am going to have my own way, mo thoil féin a dhéanfad.
God willing, más toil le Dia; le cúnamh Dé.
Have the goodness to step in, buail isteach le do thoil.
He has a good grip of the subject, tá an t-ábhar ar a thoil aige; tá an-chur amach aige ar an ábhar.
He praised the boy grudgingly, is i gcoinne a thola a mhol sé an buachaill.
To whom have I the honour of speaking? cé sin agam ann le do thoil?
If your honour pleases, le toil d'onóra.
Please answer immediately, freagair láithreach, le do thoil.
Independent witness, finné dá thoil féin.
Com: Kindly remit by cheque, cuir seic chugainn le do thoil.
Please let us know, cuir scéala chugainn le do thoil.
Give me a light please, tabhair dom deargadh le do thoil.
I can do as I like with him, tá sé ar mo thoil agam.
To my liking, chun mo thola; ar mo mhian.
He did as him list, rinne sé mar ba thoil leis, mar thogair sé.
Ye who list to hear, sibhse ar fonn, toil, libh éisteacht.
I was loath for him to do it, ní le mo thoil a rinne sé é; b'fhearr liom nach ndéanfadh sé é.
Would you mind shutting the door? an ndruidfeá an doras, le do thoil?
If you are so minded, má tá do thoil leis.
Some more bread, please, tuilleadh aráin le do thoil.
Can you oblige me with a pen, an dtabharfá iasacht do phinn dom, le do thoil?
At the option of the tenant, ar thoil an tionónta.
It is optional for you to go or stay, tig leat imeacht nó fanacht mar is toil leat.
He is past caring for it, d'imigh an lá a raibh toil aige dó.
(If you) please, le do thoil; más é do thoil é.
Abs. To do as one pleases, an rud is toil leat féin a dhéanamh.
At s.o.'s pleasure, le toil duine.
During the King's pleasure, fad agus is toil leis an rí é.
(I) pray (you), más é do thoil é; le do thoil.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht