TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
won't , F : =WILL NOT.
wont 1 , pred .a . Gnách . As he was wont to say , mar ba ghnách leis a rá ; mar a deireadh sé .
wont 2 , s . Nós m , gnás m , cleachtadh m . According to use and wont , de réir nóis agus cleachtaidh . It is my wont to go there , tá de nós agam dul ann ; is gnách liom dul ann . Oftener than was his wont , níos minice ná mar ba ghnách leis .
wont 3 , aux .v . To wont to do sth ., a bheith de nós, de chleachtadh, agat rud a dhéanamh .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He won't make old bones , ní dhéanfaidh sé aon seanduine .
I won't budge an inch , ní ghéillfidh mé orlach .
You won't catch me doing that again! beag an baol orm é sin a dhéanamh arís!
P : He won't get much change out of me , ní mórán brabaigh a gheobhas sé ormsa .
That won't do here , ní dhéanfaidh sin cúis anseo .
I won't do it again , ní dhéanfad arís é .
He won't show his face here again , ní bheidh sé de dhánacht ann cos a leagan anseo arís .
Seven into six won't go , a sé ar a seacht ní féidir sin .
We won't go back to the past , an saol atá imithe, fágaimis marbh é .
My dinner won't go down , tá an dinnéar ag luí ar an gcliabh agam .
That won't go down with me , ní ghlacfaidh mise lena leithéid sin ; ní mheallfar mise leis an saghas san .
These shoes won't go on (my feet) , tá na bróga seo róbheag dom .
I won't be long gone , ní fada a bhead amuigh .
That won't be much good , ní bheidh puinn maitheasa ansin ; is beag an tairbhe a dhéanfaidh sé sin .
F : I guarantee that he won't do it again , mise mar cheap leis, mise faoi dhuit, nach ndéanfaidh sé arís é .
She won't have him , ní ghlacfaidh sí é .
I won't have him ill-treated , ní ligfidh mé d'aon duine drochúsáid a thabhairt dó .
Father won't hear of it , tá m'athair go dubh ina aghaidh .
It won't hold water , (i) (of cask, etc.) níl díon deoire ann ; (ii) F : (of theory, etc.) níl sé inchreidte ; níl seasamh argóinte ann .
F : The story won't hold together , níl cruth air mar scéal ; scéal é a bhfuil a thóin leis .
Won't you just catch it! nach romhat atá! nach tú a íocfas as!
That much won't last you very long , is gearr le dul ort an méid sin .
F : He won't last (out) till morning , ní threabhfaidh sé an oíche ; ní sháróidh sé an oíche .
Your father won't like it , ní bheidh d'athair róshásta .
He won't be long , ní bheidh sé i bhfad ; ní bheidh aon mhoill air .
It won't be long until . . ., is gearr go . . .
He won't get a look-in , níl seans ar bith aige .
F : He won't make it , ní éireoidh leis .
I won't be a moment away , ní bheidh mé dhá mheandar amuigh .
He will not, won't, come , ní thiocfaidh sé ; cha dtig sé .
It won't be long now , is gearr uainn feasta é .
He won't be long now , ní fada eile go dtiocfaidh sé .
That won't pass , (i) ní ghlacfar leis sin ; (ii) ní dhéanfaidh sin cúis .
Won't you play for us? nach gcasfaidh tú port dúinn?
He knows he is wrong but won't recognize it , tá a fhios aige nach bhfuil an ceart aige ach ní admhóidh sé é .
The money won't run to a car , ní bhfaighidh tú carr ar an airgead sin .
This line won't scan , níl an mheadaracht cruinn sa líne seo .
That won't benefit you a scrap , ní dhéanfaidh sin maith dá laghad, a dhath maitheasa, duit .
I won't be two seconds away , ní bheidh mé dá mheandar amuigh .
He won't show his face here again , ní fheicfear anseo feasta é .
The door won't shut , ní féidir an doras a dhúnadh .
It won't take long , ní thógfaidh sé mórán ama .
The thing is, the car won't start , is é mar atá an scéal nach féidir an gluaisteán a thosú .
F : She won't trust him out of her sight , ní ligfidh sí as a hamharc é .
F : It won't happen again, I warrant you! , ní tharlóidh sé arís, mise faoi dhuit! mise i mbannaí air! gabhaimse orm nach dtarlóidh sé arís!
Material that won't wash , éadach nach féidir a ní .
F : That story won't wash! níl aon chraiceann ar an scéal sin!
Colour that won't stand any washing , dath donite, a thréigeann sa níochán .
He won't say anything whatever , ní dhéarfaidh sé oiread agus focal, rud ar bith .
The engine won't work , tá ainghléas ar an inneall .