want1, s.1aEaspa f, ceal m, díth f, díobháil f. Want of judgment, díth breithiúnais. Want of imagination, easpa samhlaíochta. For want of sth., de cheal, d'uireasa, díobháil, ruda. For want of sth. to do, le teann díomhaointis. To make up for the want of sth., díobháil ruda a chúiteamh. bTo be in want of sth., rud a bheith de dhíth ort. He was in want of money, bhí díobháil airgid air. I am in want of more help, theastódh breis cabhrach uaim. 2Dealús m, gátar m. To be in want, bheith ar an ngannchuid. To live in want, bheith beo bocht; bheith ar an anás. 3Riachtanas m, gá m. To attend to s.o.'s wants, cás duine a riaradh. A long-felt want, rud atá le fada ag teastáil.
want2 .1v.i.aTá (rud) in easnamh, de dhíth, orm; táim ar díth (ruda), tá ceal, easpa, díth (ruda) orm. I want for nothing, tá riar mo riachtanais den uile rud agam; níl aon easnamh orm. bHis family will see to it that he does not want, ní fhágfaidh a theaghlach gan riar a cháis é. 2v.tr.aNíl (rud) agam; táim gan (rud). To want patience, bheith gan foighne. Impers.It wants ten minutes of six o'clock, tá sé faoi dheich nóiméad don sé a chlog. It wanted but a few days to Christmas, bhí sé i bhfoisceacht cúpla lá do Nollaig. bTá gá agam le (rud); ní mór dom (rud). To want rest, gá a bheith agat le scíth. That work wants a lot of patience, tá foighne mhór riachtanach chuig an obair sin; teastaíonn, ní mór, a lán foighne chun na hoibre sin. Have you all you want?an bhfuil gach rud agat dá dteastaíonn?You shall have as much as you want, gheobhaidh tú do dhá dhóthain. I've had all I wanted, tá mo shá agam. That's the very thing I wanted, sin go díreach an rud a bhí mé a iarraidh. To want work, bheith ag lorg oibre. Wanted, a good cook, cócaire maith ag teastáil. cYour hair wants cutting, theastódh uait do ghruaig a bhearradh. It wants some doing, ní gan dua a déanfar é. dIs mian liom, is áil liom. He knows what he wants, tá a fhios aige cad ba mhaith leis. How much for this chair? -- I want five pounds, cé mhéad ar an gcathaoir seo? -- cúig phunt. He wanted ten pounds for the lot, bhí sé ag iarraidh deich bpunt ar an iomlán. Iron: You don't want much!níor dhada beagán!You are wanted, táthar do d'iarraidh. We are not wanted here, níl iarraidh ar bith anseo orainn, níl fáilte ar bith anseo romhainn. We don't want you, fan amach uainn. What does he want with me?cad é an gnó atá aige díom? cad chuige a bhfuil sé dom?I want to tell you that . . ., bíodh fhios agat go . . . I want to speak to him, ba mhaith liom, tá mé ag iarraidh, labhairt leis. I do not want to get up, níl fonn éirí orm. I want him to come, ba mhaith liom a theacht. I don't want that known, níor mhaith liom go mbeadh a fhios sin ag aon duine; b'fhearr liom nach mbeadh a fhios sin.