Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: work on · working · workman · bow in · wording
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh work in »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
work in. 1 v.tr. Oibrím; fáiscim (rud) isteach (de réir a chéile). 2 v.i. (Of pers.) Brúim romham isteach; (of thg.) téann isteach de réir a chéile.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is in arrears with the work, tá sé chun deiridh leis an obair.
To work in black and white, dathadóireacht a dhéanamh le dúch, i ndubh is i ngeal.
To work in a good cause, oibriú ar son dea-chúise.
F: It's all in the day's work, cuid de mo ghnóthaí é sin.
I was up to the ears, over head and ears, in work, bhí an fómhar ag leathadh orm, bhí na seacht sraith ar an iomaire agam.
I am engaged in the same work, táim ag gabháil don obair chéanna.
He is engrossed in his work, tá sé leata ar a chuid oibre, tá sé sáite ina chuid oibre.
He is up to the eyes in work, tá an fómhar ar leathadh air, tá na seacht sraith ar lár aige.
In the morning I go about my work, téim in éadan mo chuid oibre ar maidin.
The great thing is to have the work finished in time, is é rud is tábhachtaí ná a chéile an obair a bheith críochnaithe in am.
I have a piece of work in hand, tá obair idir lámha agam.
The frost has wrought havoc in, made havoc of, the crops, rinne an sioc slad, scrios, ar an mbarr.
He has his heart in his work, tá a chroí is a anam san obair aige.
To be immersed in your work, bheith báite go dtí na súile i do chuid oibre; bheith gafa ar fad ag do chuid oibre.
I worked at it in my leisure moments, bhínn ag gabháil dó nuair bhíodh ionú ón obair agam.
He worked in a leisurely fashion, d'oibrigh sé leis de réir a láimhe, ar a shocracht.
He lost interest in his work, níor fhan aon suim aige ina chuid oibre.
His mission in life was to bring that work to completion, leis an obair sin a chur i gcrích a tháinig sé ar an saol.
F: I am up to my neck in work, tá seacht gcúraimí an tsléibhe orm.
In good working order, in ordú maith oibre; i bhfearas.
The work now in progress, an obair atá ar siúl faoi láthair.
Payment in proportion to work done, íocaíocht de réir na hoibre.
To put in an hour's work, uair a chaitheamh ag obair.
They worked in relays, rinne siad sealaíocht le chéile.
To work in shifts, sealaíocht f, uainíocht f, a dhéanamh.
F: He works in spasms, ina threallanna a oibríonn sé; oibríonn sé nuair a bhuaileann daol é.
F: It is all in the day's work, nach cuid de mo ghnó é.
Worked in silver, maisithe le hairgead.
Difficult in the working, deacair a chur i bhfeidhm.
In working order, in ordú, i bhfearas (oibre).
It is in good working order, tá sé i gcóir mhaith chun oibre.
He is wrapped up in his work, níl ar a aird ach a chuid oibre.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht