TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
send 1 , v .tr . 1 Cuirim . a To send a child to school , páiste a chur ar scoil, chun scoile . To send s.o. home , duine a chur abhaile . To send s.o. for s.o., sth ., duine a chur faoi choinne, ag iarraidh, duine, ruda . b Cuirim (litir, etc.) chun siúil, chun bealaigh . To send word to s.o ., scéala a chur chuig duine . To send clothes to the wash , éadaí a chur á níochán . 2 (Drive, compel) Gluaisim, spreagaim . Fear sent him out through the streets , ghluais an eagla amach faoi na sráideanna é . It sent a shiver down my spine , chuir sé drithlíní le mo dhroim . The blow sent him sprawling , rinne an buille crústa de . It sent him mad , chuir sé thar bharr a chéille é . 3 God send that he may get better , go dtuga Dia dó biseach a fháil . (God) send him victorious , go dtuga Dia an bua dó . God send he may not die , nár lige Dia go bhfaighe sé bás . 4 If you don't send I shall not come , mura gcuirfidh tú fios orm ní thiocfad . To send for s.o., sth ., fios a chur ar dhuine, ar rud . I shall send for it , cuirfead duine éigin ag triall air . The doctor was sent for , cuireadh faoi choinne an dochtúra, cuireadh fios ar an dochtúir .
send 2 , v .i . Tumann (long) .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To send a person about his business , an bóthar a thabhairt do dhuine .
To send, give, sth. back again , rud a chur, a thabhairt, ar ais .
To send a ship to the bottom , soitheach a chur go tóin (poill) .
F : To send s.o. about his business , an doras a thabhairt do dhuine . S.a. MIND2 2
To send a message in clear , teachtaireacht a chur chun bealaigh sa ngnáthlitriú .
To drive, to send, s.o. crazy , duine a chur thar bharr a chéille .
He was sent away with a flea in his ear , cuireadh chun bealaigh é go maolchluasach .
Goods sent in error , earraí a seachadadh trí dhearmad .
He was sent there under escort , cuireadh ann é agus garda air .
F : Send him to me and I'll put him through his facings , cuir chugam é agus cuirfead ar fud a phionsa é .
F : To send s.o. flying , duine a chur in aer, a bhaint dá bhoinn .
To send a plate flying , pláta a scaoileadh tríd an aer .
To send the enemy flying , ruaig a chur ar an namhaid .
Catalogue sent free on request , clár in aisce ach é a iarraidh .
To send s.o. on in front , duine a chur chun cinn, chun tosaigh, ar (shlua) ; amach roimh (shlua) .
To send greetings to s.o ., beannacht a chur chun duine .
To send a letter by hand , litir a chur le teachtaire .
To send, pass, the hat round on s.o.'s behalf , déirc a iarraidh do dhuine .
I am sending you herewith . . ., táim ag cur . . . chugat leis seo .
F : To send s.o. to Jericho , bata agus bóthar a thabhairt do dhuine .
To send s.o. to kingdom-come , duine a chur chun an tsaoil úd eile .
To fly, send up, a kite , (i) eitleog a chur in airde, (ii) F : bheith ag fóideoireacht, ag braiteoireacht
I'll send him to you the minute he arrives , cuirfidh mé chugat é chomh luath agus a thiocfas sé .
To send s.o. on a mission , duine a chur ar mhisean .
He sent in his name , (i) chuir sé síos a ainm (do chomórtas, etc .) (ii) thug sé a ainm le hinsint (do sheirbhíseach) .
What need is there to send for him? cad is gá fios a chur air?
F : To send s.o. packing , an bóthar a thabhairt do dhuine .
(Of officer) To send in one's papers , do leabhar a chur isteach ; éirí as .
Sent per carrier , curtha chun bealaigh le teachtaire .
To send sth. by post , rud a chur ar an bpost ,
To send s.o. to prison, to put s.o. in prison , príosún a ghearradh ar dhuine ; príosúnacht a chur ar dhuine .
To send s.o. one's kind regards , do dhea-mhéin a chur chuig duine .
F : To send s.o. to the right-about , an bóthar a thabhairt do dhuine .
To send sth. as a sample , rud a chur mar shampla .
To send on a letter, an order , litir, ordú, a chur chun cinn .
Send it up to me , cuir aníos chugam é .
To send up a balloon , scaoilim, ligim, balún san aer .
W.Tel : Sending station , stáisiún m astaíochta .
F : He got a great send-off , bhí comóradh mór leis ag imeacht dó .
The play has been given a good send-off , fáiltíodh go mór roimh an (gcéad léiriú den) dráma .
It sent cold shivers down my back , chuir sé creatha fuachta orm .
Blow that sent him spinning , buille a chuir ag rince é .
I sent him sprawling , rinne mé crúbadán de .
I will send you such as I have , cuirfidh mé chugat an cineál atá agam .
(Of bees) To send out a swarm , saithe f a chaitheamh .
To make, put in, send in, a tender for sth ., tairiscint a chur isteach ar rud .
The letters that you sent to me , na litreacha a chuir tú chugam .
The man that I sent it to , an fear ar chuireas chuige é .
He returns every letter that I send to him , cuireann sé ar ais gach aon litir dá gcuirim chuige .
To send sth. through the post , rud a chur ar an bpost .